FÍSEÁN: ‘Marófar duine éigin ar Ché Inis Oírr mura ndéanfar forbairt uirthi’ 

Thug Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív rabhadh sa Dáil inné faoina ‘chontúirtí’ is atá Cé Inis Oírr

FÍSEÁN: ‘Marófar duine éigin ar Ché Inis Oírr mura ndéanfar forbairt uirthi’ 

Tá maíte ag an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta go bhfaighidh duine éigin bás ar Inis Oírr mura ndéantar athfhorbairt ar an gcé ann.

Ag labhairt dó sa Dáil inné d’fhiafraigh Ó Cuív d’Aire Stáit na Gaeltachta Dara Calleary an raibh sé i gceist dlús a chur leis an obair atá beartaithe le fada ar ché Inis Oírr agus ar ché Inis Meáin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh práinn go háirithe le cé Inis Oírr.

“Marófar duine éigin lá éigin, tá sé chomh contúirteach sin. Briseann na maidhmeanna ar chúl na céibhe thar an gcéibh agus scuabfar duine éigin isteach sa bhfarraige mura mbeimid cúramach,” arsa Ó Cuív.

Dúirt sé go raibh cead pleanála ann don fhorbairt ó 2008.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh súil aige go n-éireodh leis an rialtas nua dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an bhforbairt.

Dheimhnigh an tAire Stáit chomh maith go mbeadh na seirbhísí a bhíodh á gcur ar fáil i nGaeilge ag Roinn na Gaeltachta do mhuintir na n-oileán Gaeltachta fós á gcur ar fáil i nGaeilge agus cúram na n-oileán aistrithe go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur fíorbheagán dul chun cinn a bhí déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge.

“Seachas an Polasaí Oideachais Ghaeltachta ní fhéadfá a rá go ndearnadh mórán chun an polasaí sin [An Straitéis] a chur chun cinn…”

“Go deimhin féin, bunaithe ar an daonáireamh, is siar a bhí rudaí ag dul faoin dá rialtas deiridh,” arsa Ó Cuív.

Dúirt sé gur chóir don Rialtas nua an maoiniú a chur ar fáil leis an Straitéis a chur i bhfeidhm “go huile agus go hiomlán”.

Dúirt Ó Cuív chomh maith gur chóir toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach líon níos lú comhaltaí a bheith ar an mBord ná mar a bhíodh cheana. Tá geallta i gClár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán an Údaráis. Dúirt Ó Cuív gurb é an “bunéileamh” a bhí ann nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta go mbeadh muintir na Gaeltachta “i mbun a bhforbartha féin”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Marófar duine éigin ar Ché Inis Oírr mura ndéanfar forbairt uirthi’ '

  • Cathleen Ní Chonghaile

    Bheadh sé an-suimiúil na taifid atá coinnithe ag na h-údaráis cuí ar eachtraí contúirteacha agus timpístí nó baoil timpístí ag céibh Inis Oírr le 20 bliain a scrúdú. Bheadh sé suimiúil freisin iad sin a chur i gcomparáid leis na tuairiscí áitiúila.