FÍSEÁN: ‘I can’t pronounce that one, Des!’ – tráchtairí fós ag streachailt le ‘Brian Ó Beaglaoich’

Ag teip i gcónaí ar thráchtairí an Bhéarla a ainm ceart a thabhairt ar ghaiscíoch na Gaeltachta agus Chiarraí

FÍSEÁN: ‘I can’t pronounce that one, Des!’ – tráchtairí fós ag streachailt le ‘Brian Ó Beaglaoich’

Ciarán Whelan

Tá ag teip i gcónaí ar thráchtairí agus lucht anailíse an Bhéarla a ainm ceart a thabhairt ar laoch óg chumann caide na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoich.

Ba é Ciarán Whelan, an fear anailíse agus iar-imreoir de chuid Átha Cliath, an duine is déanaí a chuaigh sa bhfraoch agus é ag iarraidh ainm Uí Bheaglaoich a rá ar The Sunday Game.

Ní hé Whelan an t-aon duine a bhíonn ag streachailt le hainm an chosantóra óig atá ag éirí níos tábhachtaí d’fhoireann Chiarraí de réir mar a théann an samhradh ar aghaidh.

Tharraing Cumann Caide na Gaeltachta aird ar Twitter ar an bhfadhb le déanaí.

I mí Feabhra dúirt urlabhraí ó Chumann Caide na Gaeltachta gur údar sásaimh ab ea é don chumann gur tharraing iriseoir aitheanta aird ar an nós atá ann gan a ainm ceart a thabhairt ar laoch óg idirchontae an chlub, Brian Ó Beaglaoich.

Ba é Kieran Cunningham, Príomhiriseoir Spóirt an Irish Daily Star, a tharraing aird ar theip chuid dá chomhghleacaithe sna meáin ainm Uí Bheaglaoich a litriú i gceart.

Dúirt Dara Ó Cinnéide, OCP na Gaeltachta agus iarchaptaen ar Chiarraí, an uair sin gur chuir a shleamchúisí is a bhí iriseoirí agus tráchtairí maidir le hainm Uí Bheaglaoich “an-díomá” air.

Brian Ó Beaglaoich agus an ceann is fearr faighte ag Ciarraí ar Thír Eoghain Dé Domhnaigh seo caite i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

“Bíonn ana-dhíomá orm aon uair go gcím sna meáin é agus é litrithe mícheart nó go gcloisim é á rá mícheart. Cuid mhaith de na daoine céanna ní bhíonn aon fhadhb acu ó thaobh na foghraíochta agus an litrithe de le himreoirí ar nós Sergio Agüero, Georginio Wijnaldum nó Toby Alderweireld.

“Táim ana-shásta gur tharraing iriseoir atá ag saothrú sna meáin Bhéarla aird ar an gceist seo agus tá súil agam go dtógfaidh daoine eile ceann dó,” arsa OCP na Gaeltachta, Dara Ó Cinnéide.

Tá Brian Ó Beaglaoich agus a chomhghleacaithe ag ullmhú faoi láthair do chluiche ceannais na hÉireann faoi cheann trí seachtaine, mar a mbeidh deis acu tuisle a bhaint as Áth Cliath atá ag iarraidh cúig chraobh as a chéile a bhuachan, gaisce nár deineadh riamh cheana.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘I can’t pronounce that one, Des!’ – tráchtairí fós ag streachailt le ‘Brian Ó Beaglaoich’'

  • Éanna Ó Cróinín

    Ar dearnadh gearrán le RTÉ/SKY faoi seo? Ní thiocfaidh mórán as an díomá gan gearrán oifigiúil a bheith déanta faoi thráchtairí Éireannacha ar chluichí Gaelacha nach féidir/mian leo ainmneacha Gaelacha a rá!

  • Cuma Dhuit

    Crochadh ard chuige is lá gaoithe ann

  • Feardorcha

    Ach cogar liom seo … conas a deirtear é? Ó Beaglaoi nó Ó Beaglaoi-ach?
    Tá an dá leagan cloiste agam ó thráchtairí gan cháim TGFour.