Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Éist lenár nglór!’ – na mílte i mBaile Átha Cliath d’agóid náisiúnta ar son na Gaeilge'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Caithfear éisteacht!? Ag magadh, ní chaithfear. Agus sin í an fhadhb.

  • Pól Ó Braoin

    Níl na vótaí againn. Dá mbeadh Gaeil na hÉireann taobh thiar de Catherine, cur i gcás mar shampla, níor leor sin le hais mhuintir Bhleá Cliath, dá mba mhian leosan cur ina haghaidh. Mar adeir Mícheál, ní chaithfear éisteacht leis an mionlach beag bídeach agus is beag tairbhe a bheas ar mhórshiúl ar bith a dhéanfaidh muid ar son na Gaeilge i dtír seo rialtas an bhéarla.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    A Mhichíl agus a Phóil,
    Dá ndéanfaimis bhur gcomhairle agus fanacht sa mbaile bheimis i bhfad Éireann ní ba mheasa as: gan RnaG ná TG4 ná Roinn ná hÚdarás Gaeltachta, gan Acht Teanga ná Coimisinéir thuaidh ná theas, gan stádas san AE ná ag baile gan fógraíocht Ghaeilge sna meáin ná coinníollacha teanga…
    Tá bóthar fada le siúl agus obair le déanamh. Bígí linn!

  • Tír gan Teanga

    A Dháithí, an ceart go hiomlán leat. Coinneoidh muid orainn ag seasamh suas ar son ár gcearta teanga, is cuma cé na bacanna a chuirfear ós ár gcomhair. Fiú muna bhfuil an maorlathas ag éisteacht le pobal na Gaolainne, tádar craite go maith agus crithfear a thuilleadh iad. Measann an buíon beag atá suite ag deascanna i seomraí dorcha sna rannóga stáit go bhféadfaidh siad cos ar bolg ar phobal Gaolainne na tíre, fanfaidís sa dorchadas agus muid ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúr le bród. Leagaigí as an diúltachas, seasaigí an fód linn.