Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO
Gníomhaíocht 1
- Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/le focal gaolmhar.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
- Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
- Má tá tú i bponc is féidir míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.
Gníomhaíocht 2
- Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
- Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine in aice leat.
Gníomhaíocht 3 Ceisteanna Ginearálta
- Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
- Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
- Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
- Cén lá a n-imrítí an chaid bhóthair? Cá dtosnaíodh sí?
- Cé na rialacha a bhí i gceist?
- Cén fáth a luaitear clathacha?
- Cad atá i gceist le ‘cloch sa mhuilirt (mhuinchille)’?
- Tabhair achoimre ar an méid a bhí i gceist leis an gcaid bhóthair.
- Cad a tharla sna daichidí?
- Cad a tharla i dtreo dheireadh na gcaogaidí?
- Cad atá i gceist leis an líne seo meas tú?
- “Sí an chaid ár gcreideamh sa taobh seo tíre mar is leis an gcaid a tógadh sinn.”
- Cén fáth a luaitear Fosadh?
- Déan cur síos ar an méid atá le feiscint sa phictiúr thíos agus cén chaoi a gcuireann sé leis an mír.

Gníomhaíocht 4 Líon na Bearnaí
- Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh
Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: ‘Sí an chaid ár gcreideamh sa taobh seo tíre mar is leis an gcaid a tógadh sinn’ – Maidhc Sé'