FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc

Féach ar an bpíosa físe seo agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Tá leagan den fhíseán le fotheidil le fáil ANSEO

Gníomhaíocht 1:

  • Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil leis an míniú/focal gaolmhar.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís.
  • Má bhíonn tú i bponc is féidir míniúcháin a sheiceáil ar teanglann.ie nó focloir.ie.

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
  • Cabhróidh an íomhá thíos leis an bhfocal “imní”.
  • Ansin déan iad a chur i gcomparáid leis na habairtí atá scríofa ag an duine atá in aice leat.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine atá in aice leat.
  • Is féidir an físeán a mhoilliú trí bhrú ar chnaipe na socruithe.
  1. Cad a sheol Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo?
  2. Cad a bheidh an tionscadal seo ag iarraidh a dhéanamh?
  3. Cén Ollscoil atá i gceist?
  4. Cén fáth a bhfuil imní ar lucht na Gaeilge?
  5. Cad atá le rá ag príomhoidí?
  6. Cad atá siad a lorg ón Rialtas agus an Roinn Oideachais?
  7. Cad atá sa scéal faoi néaltrú?
  8. Cad í an difríocht idir na focail “riachtanach” agus “inmhianaithe”? Úsáid an íomhá thíos mar spreagadh.

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:

  • Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.

Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:

  • Seo nasc chuig mír nuachta ar TG4 faoi Mhicheál Ó Mhuircheartaigh.
  • Cén nasc is féidir a dhéanamh idir an mhír nuachta sin agus an scéal faoin néaltrú. Seo an nasc chuig an scéal ar Tuairisc.
  • Ábhar machnaimh
    • A chumas tráchtaireachta – fileata agus drámatúil.
    • Ag obair mar thráchtaire ar feadh na mblianta.
    • An-cháil agus an-mheas air.
    • Go leor cuimhní ag daoine faoi.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Ar fhaitíos gur chaill tú é… cuid de scéalta na seachtaine seo ar Tuairisc'