FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Túir Faire (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 Foghlaim agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Túir Faire (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíocht 1:

Gníomhaíocht 2:


Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.

Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:


Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.

  1. Inis id fhocail féin cad é bunús na míre seo?
  2. Cén fáth a luaitear an figiúr 51?
  3. Cad iad na cúraimí a bhíodh orthu siúd a bhí lonnaithe sna Túir Faire?
  4. Cén fáth ar bunaíodh an tSeirbhís Mara agus Cósta?
  5. Luaigh rud amháin a bhí le rá ag Mary Kate Ní Chualáin.
  6. Cad a bheidh ag tarlú i dTír an Fhia tráthnóna?
  7. An bhfuil tú in ann na logainmneacha ar fad a luadh sa phíosa a scríobh síos? Bain úsáid as logainm.ie le cabhrú leat.

Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:


Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:


Téigh chun cainte le duine sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi láthair áitiúil a bhfuil stair shuimiúil ag baint léi.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Túir Faire (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'

  • Duillean O'Sullivan

    TASC A HAON le Duillean O’Sullivan(17216559)

    ‘Gníomhaíocht 3’
    1)Inis id fhocail féin cad é bunús na míre seo?Baineann an sliocht seo le ár líonracht le linn an dara cogadh domhanda.(An éigeandáil).Bhí ról beag againn ag faire amach do shaighdiúirí na Gearmáine mar a thugann an teideal le tuiscint.Tógadh 83 túir faire ar chósta na tíre ag an am sin agus bhí ár saighdiúirí ag feitheamh sna túir ag faire amach i gcóir na Gearmáine.

    2) Cén fáth a luaitear an figiúr 51? Tógadh 83 túir faire (ar fud na tíre) agus cuireadh uimhir ar gach ceann dóibh.Sa phíosa seo, táimid ag breathnú ar túr 51 toisc gurb é sin ainm an túr faire.

    3) Cad iad na cúraimí a bhíodh orthu siúd a bhí lonnaithe sna Túir Faire? Is iad na cúraimí a bhíodh orthu siúd a bhí lonnaithe sna Túir Faire ná a bheith ag faire amach do shaighdiúirí na Gearmáine. Dá bhfeicidís aon saighdiúirí Gearmánacha chuirfidís teileagram chuig Baile Átha Cliath agus chuirfidís an teileagram ó
    Baile Átha Cliath go dtí Londain chun rabhadh a thabhairt dóibh.(Rud ar bith).

    4)Cén fáth ar bunaíodh an tSeirbhís Mara agus Cósta? Bhunaigh siad an tSeirbhís Mara agus Cósta chun cóstaí na tíre a chosaint.

    5) Luaigh rud amháin a bhí le rá ag Mary Kate Ní Chualáin. Dúirt Mary Kate Ní Chualáin go riabh siad ( na fir ag faire) ag brath ar eolas a bheith acu faoi rud ar bith a chonaic siad ag teacht isteach(“rud ar bith”,eitleán mar shampla).

    6) Cad a bheidh ag tarlú i dTír an Fhia tráthnóna?Tabharfaidh an Dochtúir Michael Kennedy (staraí) léacht ar an túr faire agus an dara cogadh dhomhanda.

    7)An bhfuil tú in ann na logainmneacha ar fad a luadh sa phíosa a scríobh síos? Bain úsáid as logainm.ie le cabhrú leat. Is iad na logainmneacha ar fad a luadh sa phíosa a scríobh síos ná Leitir Mealláin,Ceann gualainn Conamara,Baile átha Cliath,Londain,Spiddal(Creagh),Carna.