FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?

Craoladh tuairisc de chuid Nuacht BBC Alba ar Nuacht TG4 le déanaí a thug léargas ar thuairimí mhuintir Leòdhais faoi cheangal Donald Trump leis an oileán. Caitheann Anton Mac Cába súil ar an scéal anseo chomh maith…

Ba chainteoir dúchais Gaeilge na hAlban máthair Donald Trump. Rugadh Mary Anne Nic Leòid i dTunga in Eilean Leòdhas ar an 10 Bealtaine 1912.

Ba iad Calum Mac Leòid, iascaire agus croitéir, agus a bhean Màiri (neé Nic a’ Ghobhainn) tuismitheoirí Mary Anne, a bhí ar an duine ab óige de 10 clainne.

Ba cheantar láidir ó thaobh na teanga de é. De réir an daonáirimh i 1901, bhí Gaeilge na hAlban ag 91.2% den phobal. Ní raibh Béarla ach ag 17.2%. D’imigh Mary Anne go Meiriceá i 1929. De réir an daonáirimh dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí Gaeilge na hAlban ag 85.5% sa pharóiste.

Tá Tunga trí mhíle go leith amach as Steòrnabhaigh, príomhbhaile an oileáin, mar ar raibh an lámh in uachtar ag an Bhéarla riamh.

Mar sin féin, tá Gaeilge na hAlban beo i dTunga i gcónaí. De réir daonáirimh 2011, bhí Gaeilge ag 51% den phobal in Aird Thunga agus is í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ag 36%. Bunaíodh Aonad Gàidhlig sa bhunscoil i mbliana. Tá Còisir Ghàidhlig Thunga ann, agus í lárnach i saol an phobail.

Tá dúchas saibhir ann mar sin, dúchas nár léirigh Trump riamh mórán suime ann. Thug sé cúpla cuairt, nár mhair rófhada, ar cheantar dúchais a mháthar.

Tá cuid mhaith de na Leòdhasaigh a labhair linne agus an port céanna acu. Tá náire orthu go bhfuil baint ag Trump leis an oileán.

Ainneoin na maoine atá aige, ní dhearna sé infheistíocht ar bith san áit. Dar leo siúd a labhair liom gur a mhalairt de dhuine í a deirfiúr Mary Anne. Nuair a d’iarr lucht na ospíse i Steòrnabhaigh airgead ar mhuintir Trump, thug sise suim shuntasach dóibh. Níor thug Donald Trump féin pingin rua dóibh.

Locht eile a fhaightear ar Trump ná gur tiarna talún ab ea a athair. Is fuath le mórán de mhuintir an oileáin na tiarnaí talúin a raibh baint mhór acu le Fuadach nan Gàidheal sa 18ú haois agus sa 19ú haois.

Anuas air sin, cé nach bhfuil an creideamh i Leòdhas chomh láidir agus a bhí, tá an Eaglais Shaor láidir ann i gcónaí. Tá áiteanna fós ann nach gcuireann daoine éadaí amach le triomú Dé Domhnaigh. Cuireann saol pearsanta agus iompar Trump an-olc ar na daoine sin.

Tá dhá leathanach Facebook ann, a thugann éachtaint ar mheon an phobail faoi Trump. Tá an leathanach ‘Isle of Lewis does not support Trump for President’ ann, agus 785 ‘like’ aige. Bunaíodh an leathanach ‘Isle of Lewis supports Trump for President’ roimhe ach níl ach 151 ‘like’ aige.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?'

  • Seán Ó Floinn

    Boohoo, níor thug sé airgead dúinn- dá bhrí sin is fuath linn é. Tá Trump ag seasamh le cosmhuintir Mheiriceá i gcoinne na maithe agus na móruaisle, rud ar cheart dóibh bród a bheith acu as.

  • Patricia

    a sheáin…roghnaigh na meiriceánaigh fear saibhir a cheapann go bhfuil sé cgl tóin na mban a greimeadh nuair a thagann an fonn air. Ní hionadh ar bith go bhfuil náire an domhain ar na hoileáinigh ina leith.

  • Joanna. Pricing

    Beidh le feiceal againn go foill cen cineal uachtaran a bheidh se. Ach, cinnte nil coir e gann airgead a bheir chuig oilean? Aisteach an raiteas e sinn