FÍSEÁN: Blaiseadh de ‘Ronnachaí Buí’ as Conamara a bhuaigh dhá ghradam ag Gradaim an Royal Television Society i Sasana

D’éirigh le scannán a rinne Ciarán Charles Ó Conghaile as an Trá Bháin i gConamara dhá dhuais a fháil ag comórtas teilifíse i Sasana

FÍSEÁN: Blaiseadh de ‘Ronnachaí Buí’ as Conamara a bhuaigh dhá ghradam ag Gradaim an Royal Television Society i Sasana

Bronnadh dhá ghradam ag Gradaim do Mhic Léinn an Royal Television Society ar an ghearrscannán ‘Ronnachaí Buí’ a rinne an scannánóir Ciarán Charles Ó Conghaile as an Trá Bháin i nGaeltacht Chonamara.

Thug an léiriú Gaeilge an príomhghradam leis don ‘Dráma is Fearr’ agus bronnadh gradam don ‘Script is Fearr’ air chomh maith.

Mheas na moltóirí gur “sárscannán faoin teacht in aois” é léiriú Uí Chonghaile agus tugadh ardmholadh do ‘scoth na n-aisteoirí óga’ agus don ‘atmaisféar iontach’ a léiríodh sa scannán.

Ciarán Charles Ó Conghaile

Triúr aisteoirí óga as Conamara atá sna príomhpháirteanna;  Sinéad Ní Fhlatharta as an Trá Bháin, Pádraig Ó Laoi as Leitir Mealláin agus Cian Mac Donnchadh ón Doirín Darach.

Insítear sa scannán faoi mar a théann triúr cairde as an Ghaeltacht i ngleic le cuideachta nua agus aithne á cur acu ar Ghaeilgeoirí óga atá ag freastal ar choláiste samhraidh.

Dúirt Ó Conghaile le Molscéal TG4 nach raibh aon bhuiséad aige don scannán agus gur a bhuíochas dá chárta creidmheasa a d’éirigh leis an léiriú a chur i gcrích.

Ag Fleadh Scannán na Gaillimhe a taispeánadh an gearrscannán den chéad uair anuraidh agus  bhí sé le feiceáil ag féilte scannán éagsúla sna Stáit Aontaithe ó shin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Blaiseadh de ‘Ronnachaí Buí’ as Conamara a bhuaigh dhá ghradam ag Gradaim an Royal Television Society i Sasana'