FÍSEÁN: Bhí ‘Micheál Ó Muircheartaigh’ agus ‘John Downing’ ag trácht ar na Healys-Rae agus Brigitte Bardot i rith an Tour de France ar TG4 inniu

Bhí aoithráchtairí speisialta istigh sa mbosca tráchtaireachta le Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn tráthnóna

FÍSEÁN: Bhí ‘Micheál Ó Muircheartaigh’ agus ‘John Downing’ ag trácht ar na Healys-Rae agus Brigitte Bardot i rith an Tour de France ar TG4 inniu

Cé go raibh na rothaithe sa Tour de France ag tabhairt aghaidh ar cheann de na staideanna is crua i rás na bliana seo tráthnóna, rinneadh cur síos spraíúil ar a gcuid iarrachtaí ar TG4 agus aíonna speisialta tugtha isteach sa bhosca tráchtaireachta i mBaile na hAbhann.

Chuir Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn, a bhíonn i mbun na tráchtaireachta go hiondúil, fáilte isteach sa stiúideo roimh laoch mór na craoltóireachta CLG, Micheál Ó Muircheartaigh, nó duine a labhair an-chosúil leis, agus an t-iriseoir aitheanta John Downing, nó duine a labhair an-chosúil leis siúd.

Agus é ag féachaint ar na rothaithe, rinne ‘an Muircheartach’ tagairt, i measc go leor rudaí eile, d’ardeaspag nua san Afraic, Dr Nelson Mogolumbo, a thaistil na mílte ar rothar “chun ola bheannaithe a chur ar sheanbhean 112 bliain d’aois ar an Serengeti i dtuaisceart na Céinia”.

Tharraing an fear atá sa tríú háit sa rás faoi láthair, Romain Bardet, aird an ‘Mhuircheartaigh’.

“Bhí aithne agam fhéin ar Bardet, Bardot is dóigh liom, Brigitte Bardot,” a deir ‘an Muircheartach’. “Climber a bhí inti cosúil le Romain ar ndóigh, climber mór i Hollywood.”

Sular fhág sé slán le Ó Lionáird agus Ó Cuinn sa stiúideo, ghuigh ‘an Muircheartach’ beannacht ar chara leis sa Fhrainc.

“Caithfidh mé ‘Bonjour, comment ça va?’ a rá leis an bhfeirmeoir ó ghleann an Dordogne, Dominic Strauss-Rocheteau. Feirmeoir beithíoch agus mairteola. Chaith sé amach stéig chugam ansan agus fuil ag teacht amach as. Dúirt mé leis, ‘Is this a steak or a mistake?’”

Ba bheag deis a bhí ag ‘John Downing’, an t-iriseoir leis an Irish Independent, a bhíonn le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge, mórán a rá inniu, ach gheall Páidí Ó Lionáird go dtabharfaí cuireadh dó féin agus ‘Mícheál Ó Muircheartaigh’ filleadh arís ar Bhaile na hAbhann chun dul i mbun na comhthráchtaireachta.

Dúirt John Downing féin le Tuairisc.ie tráthnóna go raibh sé “lánsásta” le cleasaíocht TG4 agus gur mhór aige a bheith luaite le Micheál Ó Muircheartaigh, duine d’fhathaigh na tráchtaireachta agus an “domhain Ghaelaigh”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Bhí ‘Micheál Ó Muircheartaigh’ agus ‘John Downing’ ag trácht ar na Healys-Rae agus Brigitte Bardot i rith an Tour de France ar TG4 inniu'