FÍSEÁN: Beocht úr curtha i seanríl ag The Bonny Men agus a gcairde

Chuaigh an tárbhuíon cheoil The Bonny Men i bpáirt le ealaíontóirí éagsúla chun físeán speisialta a chruthú

FÍSEÁN: Beocht úr curtha i seanríl ag The Bonny Men agus a gcairde

Scoth an cheoil dhúchasaigh, an t-osréalachas, Stáisiún Giniúna an Phoill Bhig, scannán uafáis suite sa tSualainn agus an damhsa comhaimseartha.

Is ait an meascán é ach is físeán speisialta an ceann atá curtha amach ag an tsárbhuíon cheoil The Bonny Men.

Tháinig slua mór d’ealaíontóirí le chéile leis an fhíseán, Earworm, a dhéanamh. Físeán é a dhéanann ceiliúradh ar ‘Jenny’s Welcome to Charlie’, rian ó albam úr na Bonny Men, The Broken Pledge, agus a thugann ómós freisin do laoch an cheoil in Éirinn, Séamus Ennis.

“Ba phíobaire uilleann, craoltóir agus bailitheoir é Ennis agus bhí tionchar suntasach aige ar cheoltóirí traidisiúnta ár linne ach seasann taifead amháin dá chuid amach – a leagan féin den ríl ‘Jenny’s Welcome to Charlie’,” arsa Maitiú Ó Casaide, píobaire The Bonny Men.

“Sa dara páirt den fhonn, chruthaigh Ennis éifeacht fuaime choscrach agus léanmhar a chuireann i láthair an fhuaim dhraíochta uaigneach sin a bhaineann leis na píoba uilleann,” ar sé.

 

Agus le físeán a bheadh dílis don cheol a chruthú, fuair an cóiréagrafaí, Sibéal Davitt, inspioráid don ghluaiseacht ón scannán is déanaí le Ari Aster, Midsommar, mar aon le mionsonraí rithimeacha an cheoil thraidisiúnta.

“An coincheap a bhí taobh thiar den togra seo ná scéal a insint trí ghluaiseacht, íomhánna aduaine, agus ceol dúchasach i dtimpeallacht neamhghnách,” ar sí agus chuige sin, rinneadh scannánú ar an togra i Stáisiún Giniúna an Phoill Bhig, áit a ndéanfar athfhorbairt uirthi go luath.

“Is féidir leis an obair chruthaitheach – agus le gnáth-obair an lae féin – muid a ídiú agus muid a chur ó chodladh na hoíche le smaointe agus le gníomhaíochtaí neamh-chomhfhiosacha.”

San fhíseán, is í an t-aisteoir agus an damhsóir Jade O’Connor a chuireann ról an chruthaitheora i láthair agus déanann a foireann damhsóirí – Emily Kilkenny Roddy, Dmitry Vinokurov, Olwyn Lyons agus Sibéal Davitt – gluaiseachtaí ainmhíocha.

“Glacann gach damhsóir foirm ainmhí éagsúil: frog, crogall, éan, scairp. Damhsaíonn an cruthaitheoir go dtí go sleamhnaíonn sí isteach i bpairilis chodlata go dtí go gclaochlaíonn an bhunghluaiseacht isteach ina rud féin agus go gcailleann sí smacht ar an saothar a chruthaigh sí.”

Tá an damhsa sothuigthe ach mistéireach, idir bhrionglóid agus tromluí ag baint leis, dála an cheoil.

Deir Maitiú Ó Casaide gur “próiseas leochaileach é a bheith dílis don traidisiún agus don oidhreacht agus ag an am céanna bheith ag iarraidh fuaim nua a chruthú”.

Deir sé go raibh fuaim nó stíl ar leith acu ó thosaigh siad ach go ndeir daoine go bhfuil siad cosúil leis an Bothy Band ó thaobh na n-uirlisí a sheinneann siad.

“Cinnte, bhí tionchar mór ag na Bothys orainn, ach sílim go n-aithneodh na daoine sin anois go bhfuil fuaim ar leith ag na Bonny Men agus tá sé sin le sonrú, measaim, ar an albam úr. Tá an-éagsúlacht sna foinn agus doimhneacht iontu.”

Níl aon dabht ach go bhfuil ardmholadh á fháil ag The Broken Pledge, an tríú halbam dá gcuid.

Tá ceoltóirí aitheanta ar an albam chomh maith, Steve Cooney, a sheinneann ar an didjeridu ar ‘Jenny’s Welcome to Charlie’, san áireamh, ach ba é an nasc idir na healaíona éagsúla ba mhó a thaitin le Maitiú.

“Ba phribhléid dúinn féin é an deis a bheith againn comhthéacs comhaimseartha a thabhairt don tseanríl bhreá sin,” arsa Maitiú.

“Ag an am céanna, ba eispéireas eisceachtúil a bhí ann dúinne obair le daoine a oibríonn le foirmeacha ealaíne éagsúla, rud nua dúinn agus tá súil againn gur chruthaigh muid rud éigin a bheidh mar inspioráid do cheoltóirí, do dhamhsóirí agus do dhéantóirí óga scannán ar feadh blianta amach romhainn.”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Beocht úr curtha i seanríl ag The Bonny Men agus a gcairde'