FÍSEÁN: ‘Ba é an chéad uair dom glór mo dhaideo a chloisteáil’  – gearrscannán nua faoi chlár teilifíse a rinne an BBC ar an Spidéal

Beidh Faoin gCeann Tuí le Seán Ó Ciardha á thaispeáint den chéad uair in Amharclann Halla na Cathrach ag meán lae inniu mar chuid d’Fhéile Scannán na Gaillimhe

FÍSEÁN: ‘Ba é an chéad uair dom glór mo dhaideo a chloisteáil’  – gearrscannán nua faoi chlár teilifíse a rinne an BBC ar an Spidéal

Taispeánfar an gearrscannán faisnéise nua Faoin gCeann Tuí in Amharclann Halla na Cathrach ag meán lae inniu mar chuid d’Fhéile Scannán na Gaillimhe.

Déantar cur síos sa ghearrscannán ar chlár teilifíse dubh agus bán a thaifead an BBC ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara beagnach seasca bliain ó shin.

Téann Seán Ó Ciardha, a chóirigh agus a stiúir an gearrscannán, ar thuras chuig an sráidbhaile Gaeltachta agus casann sé le roinnt daoine ar cuimhin leo criú an BBC a bheith ag scannánú ar an Spidéal.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Ciardha, a d’fhás aníos i mBaile Átha Cliath ach atá de bhunadh Chonamara, gur mhian leis léargas a thabhairt ar an “seansaol” sa Ghaeltacht agus ar shaol a mhuintire féin.

“Bhí a fhios agam go raibh scannán déanta ag an BBC faoi Chonamara i bhfad siar, ach níor thuig mé go raibh baint ag mo mhuintir féin leis an scéal.

“Ní raibh deis agam bualadh le mo dhaideo, Pádraic Ó Ciardha, mar gur bhásaigh sé cuid mhaith blianta sular tháinig mise ar an saol. Ba é an chéad uair dom a ghlór a chloisteáil ar an gclár a rinne an BBC,” a dúirt Ó Ciardha.

Pléitear sa ghearrscannán na nósanna agus na traidisiúin a bhí ag muintir an Spidéil sna 1960idí agus na hathruithe a tháinig ar an sráidbhaile ó shin.

Cuireann Seán a athair Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannaire TG4 agus a uncail Mártan Ó Ciardha, colúnaí de chuid Tuairisc.ie, faoi agallamh sa ghearrscannán.

Seo an chéad léiriú ag Seán Ó Ciardha, léiriú a rinne sé mar chuid den Ard-Dioplóma sa Léiriú Teilifíse le Nemeton agus Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge anuraidh.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ba é an chéad uair dom glór mo dhaideo a chloisteáil’  – gearrscannán nua faoi chlár teilifíse a rinne an BBC ar an Spidéal'