Seolfar go hoifigiúil inniu Folacháin, físeán ina ndéanann ambasadóirí chun na hÉireann ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge. Taifeadadh an físeán i misin agus in ambasáidí éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath agus tá sé mar chuspóir aige muintir na tíre seo a spreagadh a ghabháil leis an nGaeilge. Is iad na hambasadóirí atá le feiceáil san fhíseán Ambasadóir na hIodáile, Ambasadóir na Spáinne, Ambasadóir na Pacastáine, Ambasadóir Iosrael agus Ambasadóir na Fraince.
Tá duine ó Mhisean na Palaistíne le feiceáil ann freisin. Beidh cuid de na hAmbasadóirí i láthair ag an seoladh a bheidh ar siúl tráthnóna i mbialann Pinoccio i mBarra an Teampaill.
Pol Mag Lionain
Is breá liom é