Fir a bhfuil féasóg orthu

Tá níos mó i gcoitinne ag foghlaithe mara na séú haoise déag agus ag jiohádaigh Eorpacha na linne seo ná an clúmh ar a smig.

ARSayaf-Jaji-19840830-P1010012

Tá fonn traidisiúnta i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, a gcuimhním uirthi go minic nuair a léim faoi jiohádaigh Eorpacha, Moslamaigh óga a rugadh nó a tógadh i dtíortha ar nós na Breataine, na hÍsiltíre agus na Beilge agus atá anois ag troid i gcoinne na ‘n-ainchreidmheach’ sa tSiria agus san Iaráic. Tá na mílte acu ann. Seo mar a théann an t-amhrán:

 

Al die willen te kaap’ren varen moeten mannen met baarden zijn

Jan, Pier, Tjores en Corneel, die hebben baarden, die hebben baarden

Jan, Pier, Tjores en Corneel, die hebben baarden, zij varen mee

 

Iad siúd ar mhaith leo a bheith ina bhfoghlaithe mara, caithfidh siad féasóg a bheith acu

Jan, Pier, Tjores agus Corneel, tá féasóg acu, tá féasóg acu

Jan, Pier, Tjores agus Corneel, tá féasóg acu, tá siad sin ar bhord linn

 

Ach tá níos mó i gcoitinne ag foghlaithe mara na séú haoise déag agus ag jiohádaigh Eorpacha na linne seo ná a gcuid féasóga.

Meascán mearaí de mhairnéalaigh a bhíodh fostaithe ar longa seoil na náisiún Eorpacha a thaiscéalaigh agus a rinne creach ar an domhan sna laethanta a bhí, a chúis mhaith féin ag gach duine acu chun saol ar thalamh tirim a thréigean.

Eachtraíocht. Tóraíocht taisce. Fíorchreideamh éigin a scaipeadh d’fhonn fearúlacht a léiriú.

Go minic, bhí cúiseanna níos práinní ná sin ann.

Is iomaí mairnéalach agus foghlaí mara a bhí ar a theitheadh, rogha aige idir bás an choiriúlaigh ar thalamh tirim agus bás an laoich mara thar toinn.

‘A dheaide, ní dhéanann sé aon difear má fhaighim bás anseo nó má lámhachtar sa bhaile mé.’

Sin a thuairiscíonn an nuachtán Ísiltíreach De Telegraaf, a dúirt fear óg Moslamach as an Ísiltír lena athair le deireanas.

Bhí an fear óg ag glaoch abhaile ón Iaráic, áit a bhfuil sé ag troid in arm an Stáit Ioslamaigh, an dream radacach atá i gceannas ar iarthuaisceart na hIaráice agus oirthuaisceart na Siria le bliain go leith anuas.

Bhí baint le mangaireacht drugaí ag an bhfear óg seo san Ísiltír agus bhí bagairt déanta ag mangairí drugaí eile go maróidís é.

In ionad fanacht ar philéar ina chathair dhúchais, roghnaigh sé léim ar bhord long lonrach an Stáit Ioslamaigh.

Scéal amháin as os cionn trí mhíle scéal, más fíor na meastúcháin faoi líon na n-ógánach Moslamach ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh atá ag troid, nó a fuair bás cheana féin, ar son an Stáit Ioslamaigh.

An comhtharlúint é gur as seanchathracha poirt na hEorpa – Portsmouth, Rotterdam, Antwerpen – sciar suntasach acu?

Ar ndóigh, is ar bhord eitleáin agus ní ar bhord loinge a thaistealaíonn formhór na jiohádach Eorpacha go dtí an Meánoirthear, ach an bhfuil baint ag dearóile iarthionsclaíoch na gcathracha inar fhásadar aníos, cathracha ina bhfuil an ciníochas faoi bhláth, lena ndúil i ndoirteadh fola ar son na cúise?

Tá imní mhór ar cheannairí na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh faoina mbeidh ar bun ag jiohádaigh ón Iarthar ar fhilleadh dóibh.

An ndéanfaidh siad iarracht tuilleadh trodaithe a earcú?

An ndéanfaidh siad iarracht traenacha fo-thalún a shéideadh san aer?

An cloigeann a bhaint de dhuine i lár an lae, i lár an bhaile?

In ionad a gceann a chrá leis na ceisteanna seo, b’fhiú do na húdaráis san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh féachaint ar cad is féidir a dhéanamh chun ógánaigh Mhoslamacha a choinneáil ar thalamh tirim.

Sin munarb é an seanchleas céanna atá ar bun acu agus a bhí ag cumhachtaí cóilíneacha na hEorpa fadó: ligean dóibh siúd nár fheil don tsochaí éalú ar bhord loinge le go bhfaighfidís bás thar toinn, i measc na mbarbarach.

 

Fág freagra ar 'Fir a bhfuil féasóg orthu'