Fiosrúchán le bunú maidir leis an gconspóid CervicalCheck – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach ar maidin go bpléifeadh an fiosrúchán leis an ‘teip uafásach ó thaobh na cumarsáide’ a tharla sa chás seo

Fiosrúchán le bunú maidir leis an gconspóid CervicalCheck – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go mbunófar fiosrúchán maidir leis an gconspóid CervicalCheck agus an scéala nár dúradh le 162 den 208 bean atá i gceist go ndearnadh athbhreithniú ar a gcuid torthaí tástála.

Dúirt an Taoiseach ar maidin go bpléifeadh an fiosrúchán leis an “teip uafásach ó thaobh na cumarsáide” a tharla i gcás na mban a ndearnadh tástálacha ceirbheacsach orthu.

Tuairiscíodh gur léirigh iniúchadh faoi CervicalCheck go bhfuair 12 de na mná atá i gceist bás, ach is amhlaidh gur measa an scéal ná sin agus thug an HSE le fios tráthnóna gur 17 bean a bhí i gceist.  Ní fios go fóill an raibh baint ag diagnóis ar cuireadh moill léi le bás na mban sin.

Thug an Taoiseach le fios go raibh múnla agus cur chuige an fhiosrúcháin atá le bunú á bplé ag an Rialtas.

Dúirt sé nár chiallaigh an chonspóid seo nach n-oibríonn an scagthástáil le haghaidh ailse.

Dúirt an Taoiseach áfach gur údar mór imní dó cás na mban a bhfuil ceisteanna acu faoi thástálacha smearaidh ceirbheacsach a rinneadh in 2011. Dúirt sé go raibh “fearg” air nár cuireadh mná ar an eolas faoin iniúchadh cliniciúil níos luaithe.

Ba é cás Vicky Phelan a chuir tús leis an gconspóid seo. Trí bliana tar éis gur dúradh léi nach raibh aon rud mínormálta ag baint le torthaí a tástála smearaidh, fuair Vicky Phelan diagnóis go raibh ailse nach bhfuil inleighis uirthi.

Tá glaoch curtha ag timpeall 2,000 duine ar an líne chabhrach a bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin gconspóid CervicalCheck.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán le bunú maidir leis an gconspóid CervicalCheck – An Taoiseach'