Fiosrúchán ar bun faoi shárú slándála i gcás scrúdú na Gaeilge san Ardteist

Foilsíodh ar an leathanach Facebook pictiúir de Páipéar 2 de scrúdú Gaeilge na hArdteiste leathuair a chloig i ndiaidh don scrúdú tosú ar maidin

Fiosrúchán ar bun faoi shárú slándála i gcás scrúdú na Gaeilge san Ardteist

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá fiosrúchán ar bun ag Coimisiún Scrúdaithe an Stáit agus amhras ann gur sáraíodh an tslándáil le linn do dhaltaí a bheith i mbun Páipéar 2 (arleibhéal) de scrúdú Gaeilge na hArdteiste ar maidin.

Tuairiscítear gur foilsíodh cóip den pháipéar ar leathanach Facebook go luath tar éis don scrúdú tosú ag 9.30am inniu.

Foilsíodh ar an leathanach Facebook pictiúir den scrúdú go gairid i ndiaidh 10am, ach ní fios go fóill cad as a dtáinig an chóip den pháipéar a scaipeadh ar líne i measc múinteoirí.

Ba ar leathanach ar Facebook a thaithíonn múinteoirí Gaeilge a foilsíodh an páipéar le linn an scrúdaithe. Tá breis is 3,200 duine mar bhaill den ghrúpa ar Facebook a gcaitheann duine clárú lena aghaidh.

Thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit le fios do RTÉ go bhfuiltear sásta go raibh an scrúdú tosaithe faoin am ar foilsíodh an páipéar agus nach gcuirfeadh an scéal as do na hiarrthóirí ar an scrúdú dá bharr.

De réir rialacha an Choimisiúin ní ceadmhach páipéar  scrúdaithe a thabhairt amach as an ionad scrúdaithe go dtí go mbíonn an scrúdú beagnach thart.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun faoi shárú slándála i gcás scrúdú na Gaeilge san Ardteist'

  • Moire

    Nach cuma? Bhi ‘ na freagrai’ de ghlanmheabhair acu roimis sin pe’r bith e? ‘Saru slandala’…shabhalfadh se ana-chuid ama agus airgid da dtabharfai an scrudphaipear sa bhaile dhoibh agus gan a bheith ag ligint orainn gur ‘scrudu” ata ann.