‘Fíor-aisteach’ go bhfuil rogha Breatnaise ar ATM i nDoire agus gan rogha na Gaeilge ann

Tá rogha ag úsáideoir a ghnó a dhéanamh i mBéarla agus i mBreatnais ar ATM i nDoire, ach níl aon rogha ann an Ghaeilge a roghnú, rogha a bheadh i bhfad níos feiliúnaí, dar leis an gcomhairleoir Kevin Campbell

‘Fíor-aisteach’ go bhfuil rogha Breatnaise ar ATM i nDoire agus gan rogha na Gaeilge ann

Pictiúr: SaskoLazarov/Photocall Ireland.

Deir comhairleoir de chuid Shinn Féin i nDoire go bhfuil sé ‘fíor-aisteach’ go bhfuil rogha na Breatnaise ar fáil ar ATM sa chathair sin agus nach bhfuil rogha na Gaeilge ann.

De réir tuairisc ar shuíomh Derry Now, is ar Bhóthar na Trá i gcathair Dhoire atá an ATM dátheangach. Tá rogha ag úsáideoir a ghnó a dhéanamh i mBéarla agus i mBreatnais ach níl aon rogha ann an Ghaeilge a roghnú, rogha a bheadh i bhfad níos feiliúnaí, dar leis an gcomhairleoir Kevin Campbell.

“Tá sé fíor-aisteach,” a deir Campbell.

“Ní hí an Bhreatnais teanga na tíre seo agus ceapaim go mbeadh sé an-deacair agat cainteoir Breatnaise a fháil i nDoire. Ach tá go leor cainteoirí Gaeilge againn sa chathair agus tá trí bhunscoil againn ina bhfuil 560 gasúr ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.

“Tá ionad cultúrtha againn ag An gCultúrlann atá ag dul ó neart go neart agus na céadta daoine fásta ag foghlaim na Gaeilge. Cinnte ba cheart go mbeadh ATM ag tabhairt deis duit do chuid baincéireachta a dhéanamh i nGaeilge, ní i mBreatnais. Ní bheadh a fhios agat céard ar a raibh siad ag cuimhneamh nuair a chuir siad isteach é,” a dúirt Kevin Campbell.

Bhí conspóid anuraidh ann nuair a d’fhógair Banc na hÉireann nach raibh sé i gceist acu rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar mheaisíní bainc mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe sin.

Fág freagra ar '‘Fíor-aisteach’ go bhfuil rogha Breatnaise ar ATM i nDoire agus gan rogha na Gaeilge ann'

  • Mánus

    Acht teanga sa deisceart ach níl dualgas dlíthiúil ar na bancanna rogha Gaeilge a sholáthair ar aon UMB sa stáitín. Fan go mbeidh tromlach na MPanna ag Soldiers of Destiny agus Ourselves san Assembly of Ireland agus Micheál Martin mar Chieftain….

  • Cormac

    Bhí an rogha ann blianta ó shin agus níl úsáid duine ar bith é (B’fhéidir go bhfuair sé cúpla úsáid i cúpla bliana). Is é sin an fáth nach bhfuil an rogha ann anois. Sílim go bhfuil sé réasúnta go leor