Níl sé ‘viable’ rogha Ghaeilge a chur ar ATManna Bhanc na hÉireann

Deir Banc na hÉireann gur ‘easpa éilimh' is cúis leis an gcinneadh deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ar a ATManna nua

Níl sé ‘viable’ rogha Ghaeilge a chur ar ATManna Bhanc na hÉireann

Níl sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil ag Banc na hÉireann le seacht mbliana anuas.

Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” atá ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.

Agus ceisteanna ó Tuairisc.ie á bhfreagairt anuraidh acu, thug an banc 

le fios go roghnaítear an Ghaeilge do níos lú ná 1% de na hidirbhearta ar a ATManna. Dúradh linn anuraidh, freisin, nár choinnigh Banc na hÉireann “súil ghéar” roimhe sin ar líon na ndaoine a roghnaíonn an Ghaeilge ar a ATManna.

Ach deir lucht an bhainc anois go raibh sé tugtha faoi ndeara le tamall acu go raibh líon na ndaoine a roghnaíonn an Ghaeilge ag titim.

“For some considerable period of time now demand for transactions through Irish on our ATM fleet has been falling steadily, with fewer than 1% of ATM transactions now completed in Irish.

“Given this continuing pattern of low and falling demand, where ATMs are replaced  with newer devices it is no longer viable to continue to provide an Irish language option on the newer ATM machines,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc le Tuairisc.ie aréir.

Tá ceisteanna go leor á gcur ag pobal na Gaeilge ar na meáin shóisialta ar Bhanc na hÉireann faoin gcinneadh deireadh a chur leis an rogha. Tá an staitistic “níos lú ná 1%” á thabhairt mar leithscéal ag foireann mheán sóisialta an bhainc. 1% de chustaiméirí seachas 1% d’idirbhearta atá i gceist ansin, a deir lucht an bhainc.

Is é Banc na hÉireann an t-aon bhanc in Éirinn a mbíonn rogha Ghaeilge ar fáil ar a chuid UMBanna. Bíonn rogha Ghaeilge ag custaiméirí de chuid Applegreen ar na UMBanna atá ina gcuid stáisiún peitril ar fud na tíre, ach níl aon bhaint acusan le haon bhanc faoi leith.

Dúirt urlabhraí Banc na hÉireann le Tuairisc.ie go dtacaíonn an banc le “cultúr, spórt agus fiontar na hÉireann” go náisiúnta agus i measc pobal áitiúil.

“Tacaíonn Banc na hÉireann le cainteoirí Gaeilge trí sheirbhísí tábhachtacha a chur ar fáil i nGaeilge ar nós seicleabhair, agus duillíní aistarraingthe agus lóisteála. Cuirimid rogha Ghaeilge ar fáil ar gach ATM miondíola, is é sin le rá na ATManna atá lonnaithe i siopaí, agus ar roinnt ATManna inár gcraobhacha. Is muide an t-aon bhanc in Éirinn a chuireann an rogha sin ar fáil,” a dúradh.

Thug Conradh na Gaeilge le fios ar Twitter inniu go bhfuil cruinniú á lorg ag an eagraíocht teanga le Banc na hÉireann leis an gceist a phlé. 

Cothrom an ama seo anuraidh chlúdaigh an grúpa MISNEACH ATManna de chuid Bhanc Uladh le greamáin ar a raibh scríofa ‘Banc Uladh: Rogha Ghaeilge Anois!’ agus ‘Cearta Teanga = Cearta Daonna’.

“Tá plé leanúnach ar siúl idir Banc Uladh agus Misneach le tamall anuas. Cé go bhfuil meas againn ar a mian rogha Ghaeilge a fheiceáil go forleathan, níl sé ar ár gcumas Gaeilge a thabhairt isteach ar ár gcuid ATM faoi láthair,” a dúirt urlabhraí de chuid an bhainc sin le Tuairisc.ie anuraidh.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘viable’ rogha Ghaeilge a chur ar ATManna Bhanc na hÉireann'

  • Eoghan o neill

    Ba chóir nī amháin rogha gaelige ach polainis, gearmáinis, fraincis,spáinis etc. chomh maith

  • Lorcán

    Nuar a deir an Bainc go bhfuil laighdú ag teacht ar an éalamh ar an seirbhís trí ghaeilge an bhfuil sé sin toisc gur thosaigh siad ag baint an rogha de atmanna 7 bhlian ó shin?

    Nuair a deir siad nach úsáideann ach 1% de chustiméirí an seirbhís an é sin 1% dóibh siúid a bhfuil an rogha acu nó 1% in iomlán? Más é an uimhir iomlán. Cén % de atmanna a bhfuil an rogha ar fail orthú?

    Níl an tuairsc seo ró soiléar nó b’féidir go bhfuil an banc ag cuir an dallamhalóg orainn!

  • Simon Ó Faoláin

    Bhíodh rogha Gaolainn ar an gceann sa Daingean agus bhínn – is a lán lán daoine eile déarfainn – á úsáid. Fós baineadh é. Dheineas gearán, gan aon tortha. Ag an am céanna táid Banc na hÉireann anseo ag rá liom go bhfuilid báúil leis an iarracht atá á déanamh chun plean teangan don Daingean a chur le chéile agus úsáid na Gaolainne a threisiú ar an mbaile.

  • Mícheál

    Gan figiúirí cearta ní féidir an argóint faoi “viability” a thacú. Cén costas atá ag baint leis an rogha a chur ar fáil? Cén costas atá ag baint lena tharrach siar? Leisce agus neamhshuim atá taobh thiar den chinneadh, is baolach.

  • Brian Ó Gallachóir

    Níl rogha Gaeilge ar na ATMs i nGaoth Dobhair nó ins an Fhál Carrach i nGaeltacht Thír Chonaill ach tá sé ar fáil i Leitir Ceanainn agus i mbaile Dhún na nGall. An bhfuil iontas ar dhaoine nach bhfuil ach <1% ag baint úsáid as an rogha Gaeilge nuair nach bhfuil an rogha sin ar fáil ins na háiteacha ina bhfuil an chuid is mó de na cainteoirí Gaeilge?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ar cheart cuidiú le daoine an rogha Gaeilg a úsáid? – go háirithe sa Ghaeltacht. Nach raibh feachtas mór ag an bhanc seo nuair a tugadh isteach na hinnill úra seo le modh lóisteála úr orthu? Nach raibh ball foirne ansin achan lá ar feadh tréimhse fada (agus bíonn siad ar fáil má iarrtar cuidiú) chun cuidiú a thabhairt do dhaoine na hinnill úra seo a úsáid? – i mBéarla ar ndóighe…

    Tá meaisíní airgid mar seo ar fáil ar mhór-roinn na hEorpa agus éagsúlacht teangacha orthu – chan go díreach an Bhéarla. Leithscéal amaideach ó eagraíocht chaipitleachais eile…

  • Donncha

    ATManna agus UMBanna!! Tá sé in am ainm Gaeilge cruinn a úsáid ar na meaisíní seo. Poll an Airgid a deirimid i gcónaí. Nach leor agus soiléir an leagan sin?

  • Éadóchasach

    An ceart ar fad ag Mícheál. Tabhair dúinn na figiúirí cearta, nó éirigh as an gcur i gcéill agus as na bréaga fén ‘viability’. Is í an fhírinne ná nach bhfuil meas dá laghad ag Banc na nÉireann ar na custaiméirí dá chuid a bhfuil fonn orthu Gaolainn a úsáid, fiú más í a dteanga dhúchais í, agus sin sin. Is mór an trua nach bhfuil banc ar bith ann a bhfuil meas ceart acu orainn.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Mar iar Bhainisteoir agus mar custaiméar de Bhanc na hEireann tá díomá orm nach bhfuil an Ghaeilge ar gach meásin ATM laistigh agus lasmuigh den bhanc. Anois creidim go bhfuil an banc chun an rogha admhála i nGaeilge a tharraingt siar de dheasca easpa éileamh air. Go dtí go roghnaíonn pobal na Gaeilge a gcuid gnó trí Gaeilge nuair atá an rogha ann, beidh an rogha imithe ar ball agus baol ar teacht thar nais. Iarr ar do bhanc seirbhís a chur ar fáil ar an ATM agus ar Líne – ná fág faoi éinne eile é dhéanamh.