Filleadh thoghchán Údarás na Gaeltachta – dul chun cinn cinnte ach deiseanna eile ann

Tá go leor le moladh faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord Údarás na Gaeltachta, ach ba chóir an deis a thapú aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna eile chomh maith

Filleadh thoghchán Údarás na Gaeltachta – dul chun cinn cinnte ach deiseanna eile ann

Tá ‘cur chuige nua’, mar a thug siad air, fógartha ag an Aire Catherine Martin agus ag an Aire Stáit Jack Chambers, maidir le Bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh. Más maith is mithid.

Gheall an Taoiseach Micheál Martin i scríbhinn do Chumann Forbartha Chois Fharraige go dtabharfaí ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh Fianna Fáil ar ais i rialtas.

Is cosúil gur chuir Fine Gael go láidir in aghaidh é a bheith áirithe i gClár an Rialtais, nuair a bhí na cainteanna ar bun théis olltoghchán 2020.  Ach socraíodh go gcuirfí próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun faoin gceist, rud a tharla níos túisce i mbliana. Is léir ó na haighneachtaí a tháinig isteach go raibh formhór na n-eagraíochtaí is na ndaoine a chuir an stró orthu féin páirt a ghlacadh sa bpróiseas i bhfabhar toghcháin le hionadaithe phobal na Gaeltachta a cheapadh ar Bhord an Údaráis.

Cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun i 1980, mar thoradh ar fheachtas a thosaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gConamara, feachtas a fuair tacaíocht fhorleathan sna ceantair Ghaeltachta eile. Údarás tofa go daonlathach a bhí á éileamh ag Cearta Sibhialta, le cumhachtaí forbartha mar a bhíonn ag Comhairle Contae. Gaeltarra Éireann faoi ainm eile a bunaíodh, go bunúsach, i 1980 ach amháin go raibh seachtar den 13 ball ar an mbord tofa ag pobal na Gaeltachta.

Cuireadh deireadh leis an ngné dhaonlathach den bhord nuair a achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012, le linn réimeas Dinny Mc Ginley (FG) mar Aire Stáit don Ghaeltacht.

Le deich mbliana anuas, tá cead ag na comhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram – seachas Comhairle Chathrach na Gaillimhe – ionadaithe a ainmniú ar Bhord an Údaráis. Is mar sin a bheas an scéal go ceann dhá bhliain eile. Ach sé rún an rialtais toghchán a reachtáil le go mbeidh deis ag pobal na Gaeltachta deichniúr ball den bhord a thoghadh. Dul chun cinn cinnte.

Ar ndóigh beidh ar an rialtas reachtaíocht a chur os comhair na Dála le leasú a chur ar Acht na Gaeltachta 2012, le feidhm a thabhairt don chinneadh toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Go ginearálta fáiltím roimh an gcomhdhéanamh nua ar an mbord: deichniúr tofa go daonlathach agus seisear roghnaithe mar thoradh ar chomórtas poiblí. Níl bord de 16 rómhór.

Fáiltím chomh maith roimh an aitheantas atá tugtha i struchtúr nua an bhoird do na ceantair Ghaeltachta bheaga, sa mhéid is go mbeidh ionadaíocht bhuan ag pobail Mhúscraí, Ghaeltacht na Mí agus Ghaeltacht Phort Láirge. Ach tá dearmad déanta ar na hoileáin Ghaeltachta: Oileáin Árann, Toraigh agus Cléire. Bíonn a gcuid fadhbanna agus a riachtanais féin ag na pobail sin agus ba mhaith go mbeadh ionadaíocht bhuan acu ar an mbord chomh maith.

Is maith liom nach mbeidh cead ag daoine atá ina gcomhairleoirí contae a bheith ar Bhord an Údaráis faoi na socruithe nua agus is maith liom go mbeidh ar iarrthóirí toghcháin a bheith ina gcónaí sa nGaeltacht ina mbeidh siad ag seasamh. Chomh maith le sin beidh caighdeán Gaeilge TEG B2 de dhíth ar iarrthóirí. Cheapfá nach mbeadh gá leis sin ach toghadh duine amháin, ar a laghad, cheana nach raibh mórán cumas Gaeilge aige.

Ceist achrannach nach bhfuil luaite sa ráiteas ó na hÁirí is ea an fhadhb le Cathair na Gaillimhe. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó vótaí i gCathair na Gaillimhe ná i gConamara ar fad ó Bhearna go Carna, má bhíonn vótaí sna heastáit mhóra tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.  Ar ndóigh, níl aon chúis go mbeadh vótaí i gcathair na Gaillimhe. Ní bhíonn Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mórán sa gcathair. Níl aon ionadaíocht ó Chomhairle Chathrach na Gaillimhe ar Bhord an Údaráis faoi láthair.

Ach tá taobh eile ar an scéal nach bhfuil mórán cainte faoi. Ar cheart, agus an reachtaíocht á cur tríd an Oireachtas, níos mó cumhachtaí a thabhairt don Údarás nua? Nár cheart go mbeadh an chumhacht ag an Údarás dul i ngleic le fadhb na tithíochta, mar shampla, sna ceantair Ghaeltachta: talamh a cheannach, suíomhanna a réiteach agus a chur ar fáil do lánúineacha le Gaeilge. Nach mbeadh cumhacht mar sin riachtanach le go bhféadfadh an tÚdarás an phríomhfheidhm atá ag an Údarás a chomhlíonadh: ‘caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh’?

 

 

Fág freagra ar 'Filleadh thoghchán Údarás na Gaeltachta – dul chun cinn cinnte ach deiseanna eile ann'

  • Ceist agam ort

    Cá’il an Ghaeltacht seo a mb’fhiú údarás a thabairt di?