Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:
- Treall an teideal atá ar an dán seo. Mura dtuigeann tú an focal déan é a chuardach ar teanglann.ie.
- Déan iarracht a thuar cad é téama/scéal an dáin.
- Nodanna – Frustrachas, míshásta, athrú, bunoscionn.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht:
- Éist leis an múinteoir ag léamh an dáin.
- Léifidh an múinteoir an chéad chúig líne arís. Déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis/léi ag aithris an dáin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Cur in Ord
- Thíos tá achoimre/míniú gearr ar an dán.
- Ag obair le do pháirtí, agus gan féachaint ar an dán, déan iarracht é a chur san ord ceart.
-
- Teastaíonn casúr uaim
- le go dtiocfaidh an fód talúin
- Tabhair dom anois
- Na cláir is na tairní
- Le go dtógfaidh mé teach nua
- Ach a Dhia tá mé tuirseach
- nó tua
- le go mbrisfidh mé
- agus an díon agus
- an similéar
- agus go millfidh mé an teach seo
- teastaíonn uaim
- leac an dorais a dhéanamh
- don taca adhmaid
- agus úrláir de na ballaí
- anuas mar gheall ar mo shaothar
Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- An bhfuil an file ag caint faoi theach a lot i ndáiríre, meas tú?
- Céard faoi atá an file ag caint, meas tú?
- An bhfuil a fhios agat cad is meafar ann? Tabhair míniú i d’fhocail féin.
- Tá frustrachas agus fearg le mothú sa dán; céard atá ag cur feirge agus frustrachais ar an bhfile meas tú?
- Cén bhrí a bhaineann tú as an líne dheireanach?
- An bhféadfá teideal eile a chumadh don dán? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile
- Seo nasc chuig píosa físe faoi Chaitlín Maude. Déan iarracht cúig phointe eolais a phiocadh amach. Cuir an méid atá scríofa agat i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí.
- Seo nasc chuig beathaisnéis faoi Chaitlín Maude. Déan cúpla píosa eolais breise a aimsiú.
- Seo nasc chuig leathanach eile ar an suíomh seo ar a bhfuil fís, fuaim agus plé ar dhán eile de chuid Chaitlín, Géibheann. An bhfeiceann tú aon chomparáid idir an dá dhán?
- Seo alt faoin agóidí cáiliúil óg Greta Thunberg. Déan é a léamh agus a phlé le do pháirtí. An féidir libh aon nascanna a dhéanamh idir Greta agus saol is dán le Caitlín Maude.
Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn Arís – PUNANN
- Cuireann cara dílis an fhile glaoch gutháin uirthi díreach tar éis di an dán seo a scríobh. Ag obair le do pháirtí scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
- Ansin déan an comhrá a thaifeadadh. Déan roinnt aisteoireachta leis na mothúcháin a chur in iúl.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 11 – Cúpla Ceist Agam Ort!
D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh ar https://create.kahoot.it/login
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Treall le Caitlín Maude'