‘Give us a future’ a deir Greta Thunberg agus tá an ceart ar fad aici

Tá Greta Thunberg agus stailceoirí scoile ar fud an domhain buartha faoin todhchaí, agus tá an ceart acu a bheith buartha

‘Give us a future’ a deir Greta Thunberg agus tá an ceart ar fad aici

Níl Greta Thunberg ach sé bliana déag d’aois, ach tá daltaí scoile ar fud an domhain spreagtha chun agóide aici, daltaí na hÉireann ina measc. 

Tá sí ar bord luaimh rásaíochta atá ag seoladh trasna an Atlantaigh faoi láthair. Is sampla maith é den taisteal glan neamhthruaillithe a bheidh riachtanach, dar léi, chun téamh na cruinne a shrianadh. Sular fhág sí Plymouth ar a bealach go Meiriceá, fiafraíodh di ar mhaith léi bualadh leis an uachtarán Trump. Dúirt sí nár mhaith toisc nach dtabharfadh sé aird ar a tuairimí.

Beidh toradh ar an agóidíocht a spreag sí abhus le feiceáil i dTeach Laighean ar an 15 Samhain nuair a reáchtálfar cruinniú speisialta ar a dtabharfar ‘Tionól Aeráide na hÓige’ (tuilleadh eolais thíos).

Tá a cás mínithe go beacht aici ina leabhar, No one is too small to make a difference, a foilsíodh le gairid, ina dtugann sí trí rabhadh láidir do pholaiteoirí an domhain:

  1. 1. Tá géarchéim thubaisteach aeráide ag bagairt ar an bpláinéad.
  2. 2. Teastaíonn laghdú mór gan mhoill ar an aschur carbóin.
  3. 3. Tá an t-aos óg ag brath ar dhaoine fásta chun gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach.

Sula bpléitear éirim a leabhair, ní foláir ceist eile faoin ógbhean neamhghnách seo a fhreagairt. Cé hí Greta Thunberg?

Is i Stockholm na Sualainne a rugadh í in 2003. Is amhránaí cáiliúil ceoldrámaíochta a máthair, Malena Enman, agus is aisteoir a hathair, Olof Thunberg.

Bhí sí aon bhliain déag nuair a léirigh trialacha go raibh Siondróm Asperger agus neamhord éigníoch dúghafach (obsessive compulsive disorder) uirthi.

Uaireanta fanann Thunberg ina tost má cheapann sí nach fiú labhairt.

Bhí Greta Thunberg ina haonar nuair a chuaigh sí i mbun agóide an chéad uair anuraidh. Shuigh sí síos taobh amuigh de pharlaimint na Sualainne agus póstaer a rinne sí féin lena hais ar a raibh scríofa aici skolstrejk för klimatet (stailc scoile don aeráid). 

Ní raibh sí ina haonar ar feadh i bhfad. Laistigh de chúpla mí, bhí daltaí meánscoile ar fud na Sualainne agus ar fud na hEorpa ag dul ar stailc ó ranganna go rialta agus ag reáchtáil mórchruinnithe agóide chun aird a tharraingt ar an dainséar comhshaoil atá ag bagairt ar chách, agus orthusan go háirithe.

Tá cuid mhór d’éirim an leabhair agus a hachainí phráinneach ar dhaoine fásta sa sliocht seo: 

Those of us who are still children can’t change what you do now once we’re old enough to do something about it… So please, treat the climate crisis like the crisis it is and give us a future. 

Dáiríre, is éard atá sa leabhar cnuasach óráidí agus aistí ina n-iarrtar ar pholaiteoirí aird a thabhairt ar an nglúin óg agus ar fhianaise na saineolaithe. Impíonn Greta Thunberg ar pholaiteoirí beartais atá riachtanach, dar le formhór mór na saineolaithe, a chur i bhfeidhm  Caithfear astaíocht charbóin a laghdú go leanúnach agus gan mhoill – ní amach anseo, mar atá beartaithe ag an rialtas, ach in imeacht deich mbliana. Cáineann sí polaiteoirí go géar mar gheall ar a síormhoilleadóireacht, a síor-éalú ón bhfírinne, agus rud ar a dtugann sí ‘síorghadaíocht ón todhchaí’, rud atá ar bun ag polaiteoirí agus daoine fásta i gcoitinne.

Is é an tionchar a bhíonn ag siondróm Asperger uirthi, mar a mhíníonn sí sa leabhar, go mbreathnaíonn sí ar gach ceist mar cheist atá dubh nó bán. Deir sí nach dtuigeann sí an fáth nach n-athraíonn an ghlúin reatha a nósanna maireachtála agus truaillithe, cé nach séanann a bhformhór comhairle na saineolaithe. Más gá ár n-aschur carbóin a laghdú gan mhoill agus a stopadh, ba chóir é a dhéanamh. Níl ciall le séanadh na fírinne.

Tá ceist chrua agus ábhar machnaimh do gach duine fásta sa leabhar: céard is fiú don aos óg staidéar a dhéanamh ar mhaithe lena dtodhchaí mura bhfuil daoine fásta ag gníomhú dáiríre lena dtarrtháil?

Gan dabht, téann Greta Thunberg thar fóir uaireanta lena cás. Gan amhras, ní aontóidh gach duine le gach ráiteas ina leabhar beag – níl ann ach 64 leathanach. Ach tá achainí ann nár chóir do dhuine fásta ar bith neamhshuim a dhéanamh di. 

TIONÓL AERÁIDE NA nÓG

Beidh 157 duine óg páirteach i gceardlanna agus i ndíospóireacht speisialta a reáchtálfar i seomra Dháil Éireann ar an 15 Samhain. Beidh an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl sa chathaoir. Dúirt sé agus an Tionól á fhógairt aige go raibh sé á reáchtáil d’fhonn deis a tabhairt do dhaoine óga tuairimí a nochtadh faoin ngéarchéim aeráide agus beartais a mholadh chun cur ina coinne in Éirinn.

Roghnóidh RTE na daltaí, san aoisghrúpa 10-17, a bheidh páirteach. Is féidir iarratais ar rannpháirtíocht sa Tionól a lorg anseo. Ní foláir iad a bheith ag RTE faoi 18 Meán Fómhair.

No One is Too Small to Make a Difference le Greta Thunberg, foilsithe ag Penguin Books agus €4 atá air

Fág freagra ar '‘Give us a future’ a deir Greta Thunberg agus tá an ceart ar fad aici'

  • alan titley

    an-phíosa ó Ghreta agus ó Chathal…ach fad is atá ‘fás eacnamaíochta’ mar sprioc ag an saol mór beidh thiar orainn, agus fíorófar na tuair is measa.