FILÍOCHT: Cad é? le Liam Ó Muirthile

Gníomhaíochtaí bunaithe ar fhilíocht na Sraithe Sóisearaí

FILÍOCHT: Cad é? le Liam Ó Muirthile

Gníomhaíocht 1 – Cluiche Cad é?:

  • Is féidir an cluiche seo a imirt i mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga.
  • Beidh seal ag gach duine ag freagairt ceisteanna nuair atá siad sa “chathaoir.”
  • Caithfidh an duine atá sa “chathaoir” smaoineamh ar rud éigin sa seomra agus tosnú ag déanamh cur síos ar an rud sin. Beidh ar na daoine eile buile faoi thuairim a thabhairt.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Éisteacht

  • Éist leis an taifeadadh seo don dán.
  • Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
  • Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
  • Ansin is féidir libh éisteacht leis an gcuid eile den agallamh.

Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:

  • Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
  • Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
  • Éist leis ag aithris an dáin.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

  • Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.

Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 6 – Fócas ar an nGramadach

  • Ag obair le do pháirtí pioc amach na samplaí don aimsir láithreach sa téacs i mbeirteanna. 
  • An bhfuil tú in ann aon riail a aithint?
  • Leis an duine in aice leat déan liosta de bhriathra eile san aimsir láithreach.
  • Is féidir teanglann.ie a úsáid le cabhrú libh. 

Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta

  1. Céard í teachtaireacht/scéal an dáin seo, dar leat?
  2. Céard atá caillte ag an duine seo, meas tú? 
  3. Ar chaill tú féin aon rud a riamh? Conas a mhothaigh tú?
  4. Céard a fhoghlaimímid faoi bhfile sa dán seo dar leat.  Déan cúpla líne de chúlra a chumadh faoin duine atá sa dán seo. 
  5. An féidir leat teideal eile a chumadh don dán seo? 

Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile

  • Céard atá ar eolas agat faoin ngalar néaltrú agus an galar Alzheimer. Déan do chuid smaointe a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Seo agallmah le Seán Ó Beaglaoi a bhfuil an galar Alzheimer air agus a thug fé shiúlóid an Camino le Cumann Alzheimer na hÉireann (ó 27 nóiméad ar aghaidh).
  • Is féidir breis eolais a fháil sna hailt thíos ó Tuairisc.ie agus NÓS.
    Nasc 1
    Nasc 2
    Nasc 3

Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN

  • Tugann Liam Ó Muirthile pictiúr dúinn don fhile i mbun chuardaigh ina theach. Tá dearmad déanta aige ar cad atá caillte aige.
  • Scríobh scéal bunaithe ar am faoi leith gur chaill tú rud éigin agus bhí tú ag cuardach ar feadh píosa. Déan cur síos ar cad a bhí caillte agat, conas ar mhothaigh tú agus cá raibh sé sa deireadh?
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
  • Bain úsáid as www.abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
  • Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
  • Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
  • Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.

Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.

Fág freagra ar 'FILÍOCHT: Cad é? le Liam Ó Muirthile'