Gníomhaíocht 1 – Ag Tuar:
An Chéad Bhróg an teideal atá ar an dán seo. Is léir gur eachtra thábhachtach í seo i saol an pháiste. Smaoinigh siar ar eachtra a tharla duitse agus déan é a phlé leis an duine in aice leat.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Éisteacht
- Éist leis an taifeadadh seo den dán.
- Éist leis an gcéad chúig líne arís agus déan cúpla focal/frása a scríobh.
- Téigh obair le do pháirtí agus déan iarracht an chúig líne sin a scríobh ina n-iomláine.
Gníomhaíocht 4 – Léitheoireacht:
- Anois téigh chuid do théacsleabhar agus faigh an leagan scríofa don dán.
- Déan an dán a léamh tú féin, ansin déan é léamh os ard do do pháirtí.
- Éist leis ag aithris an dáin.
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
- Úsáid teanglann.ie (nó foclóir crua) le focail/frásaí nach dtuigeann sibh a chuardach.
Gníomhaíocht 5 – Deis Aithrise:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh an dáin. Déan beagán aisteoireachta leis na mothúcháin/téamaí a chur in iúl.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 6 – Scéal an Dáin
- I mbeirteanna déan iarracht scéal an dáin a mhíniú i bhur bhfocail féin.
- Ansin déan rólghlacadh a chumadh.
- Nuair atá sé sin déanta is féidir libh é a aithris do bheirt eile nó don rang.
- Is féidir an aip Puppet Pals a úsáid chun é seo a dhéanamh freisin.
Gníomhaíocht 7 – Ceisteanna tuisceana, léirthuisceana agus tuairimíochta
- Cén fáth ar scríobh an file an dán seo meas tú?
- Déan cur síos ar na bróga seo.
- Cé chomh ard is a bhí an páiste?
- Céard iad na nathanna sa dán seo a thaispeánann go bhfuil an file an-bhródúil as a mac?
- Mínigh i d’fhocail féin céard is brí leis an dá abairt dheireanacha seo
“Is fada an ród é le triall agat feasta,
Is ceangal na mbróg ort níl ann ach tús ceangail.”
Gníomhaíocht 8 – Nascanna ábhartha eile
- Thíos tá nascanna chuig míreanna a foilsíodh in Tuairisc.ie agus a craoladh ar TG4 in ómós do Mháire Mhac an tSaoi nuair a d’imigh sí ar shlí na fírinne in 2021. Úsáid iad le teacht ar sheacht bpointe eolais faoi Mháire.
Nasc 1
Nasc 2 - Seo nasc chuig leathanach eile ar Tuairisc.ie ina bhfuil alt faoi bhean agus a hiníon.
- Téigh chuig an suíomh doegen.ie agus déan taighde ar na guthanna atá le cloisteáil ar an suíomh ó do cheantar féin. Cén scéal/cuimhní cinn atá á insint acu? Mar shampla
Gníomhaíocht 9 – Téigh i mBun Pinn – PUNANN
- Is céim mhór sa saol é don pháiste péire bróga a fháil. Céard iad na céimeanna móra atá tógtha agat sa saol go dtí seo? An chéad lá ar scoil, An lá ar rugadh deartháir/deirfiúr leat, an chéad uair agat ar eitleán, ag athrú ón mbunscoil chuig an meánscoil agus mar sin de. Cruthaigh amlíne ag léiriú na gcéimeanna móra atá tógtha agat agus a thógfaidh tú amach anseo. Is féidir an áis seo a úsáid chun nodanna a thabhairt duit.
- Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar teanglann.ie agus www.focloir.ie
- Nuair a thugann an múinteoir aiseolas duit ar an gcéad dréacht, déan an dara dréacht a scríobh.
- Bain úsáid as abair.ie le héisteacht leis an saothar á léamh amach sna canúintí éagsúla.
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé. Déan do chuntas a thaifead.
- Léigh agus éist le saothair dhaoine eile sa rang.
- Cuir ceisteanna orthu faoin méid a scríobh siad.
- Bí cinnte an saothar a chur sa Phunann Teanga.
Gníomhaíocht 10 – Cúpla Ceist Agam Ort!
D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo.
Fág freagra ar 'FILÍOCHT: An Chéad Bhróg Críoch le Máire Mac an tSaoi'