LÉAMHTHUISCINT: Go leor le foghlaim ó bhanríon bheag an TikTok agus an cailín mór beag 

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Go leor le foghlaim ó bhanríon bheag an TikTok agus an cailín mór beag 

‘Faraor nár thug mé an fón liom,’ a deir cara beag nua a bhí déanta ag an gCailín Mór Beag ag an bpáirc spraoi. Bhí siad beirt ina luascadáin, tic-toc, tic-toc, ag imeacht anonn is anall, agus iad crochta bunoscionn ar na barraí moncaí.

Is beag nár thit an Cailín Mór Beag anuas óna barra féin le teann iontais nuair a chuala sí go raibh fón dá cuid féin ag a comrádaí misniúil. Ní fada, áfach, gur éirigh léi guaim a choinneáil uirthi féin arís agus d’fhill ar an luascadh rithimiúil siar agus aniar a bhí ar bun aici sular chuala sí an scéal mór pléascach óna cara beag nua.

‘Tá d’fhón féin agat?’ a deir sí agus na súile ar leathadh ina ceann.

‘Ó tá,’ a deir sise agus iad beirt fós bunoscionn. ‘Dá mbeadh sé agam anseo d’fhéadfadh muid físeán a chur suas ar TikTok.’

Níor labhair an Cailín Mór Beag ar chor ar bith nuair a chuala sí an ráiteas seo, ach rug ar an mbarra le lámh amháin, chun í féin a shocrú air. Tá barúil agam nach raibh a fhios aici céard a bhí i gceist ag réalt óg an TikTok  agus shocraigh gur binn béal ina thost.

‘Tá a fhios agat céard é, nach bhfuil?’ a d’fhiafraigh réiltín na meán sóisialta di.

Rug an Cailín Mór Beag ar an mbarra moncaí lena dhá láimh agus léim sí anuas thar a corp is thuirling ar a dhá cos. Shocraigh í féin ar feadh meandair is bhreathnaigh suas ar a comrádaí.

‘Ó tá a fhios,’ a dúirt sí, is an chuma uirthi nach raibh sí ag iarraidh í féin a cheangal róláidir le freagra dearfach ná diúltach ar an gceist. Chas sí ar a sáil is thosaigh ag rith anonn i dtreo na ziplíne. Léim a cara beag anuas de na barraí moncaí agus thosaigh ag rith ina diaidh.

Seans go bhfuil cloiste agat go bhfuil meán sóisialta nua i mbéal an phobail ar an aimsir seo. Nó seans go bhfuil tú lá agus oíche ag sú isteach na bhfíseán agus ag iarraidh cuimhneamh ar dhamhsaí beaga barrúla le cur suas ar TikTok is ag súil go scaipfear é go mear ar fud na cruinne. Ag súil lá ar bith anois go mbeidh tú i do réalt mhór.

Níor bhreathnaigh mé fós ar TikTok agus tá mé a cheapadh go bhfuil mé ag an bpointe i mo shaol nach bhfuil sé de mhisneach agam foghlaim faoi ardán sóisialta nua. Ach cá bhfios, b’fhéidir go bhfaigheadh an fhiosracht an ceann is fearr orm fós.

Suas ar ardán na ziplíne leis an gCailín Mór Beag agus Réiltín an TikTok sna sála uirthi. Rug an Cailín Mór Beag ar shuíochán na ziplíne agus thug faoi. Rith sí i dtreo an bhruaigh agus léim suas ar an suíochán ag an nóiméad deireanach. Thosaigh an suíochán ag imeacht go tréan agus an Cailín Mór Beag i ngreim docht ar an rópa.

‘Wú-húúúúúúú!’ a bhéic sí in ard a glóir le teann sonais.

‘Faraor nach raibh m’fhón agam,’ a deir Réiltín TikTok. ’Dhéanfadh sé sin físeán iontach!’

Gníomhaíocht 1 Triail Léamhthuisceana Ceisteanna Tuisceana

  1. Cá bhfuil an scríbhneoir agus na páistí?
  2. Luann an t-údar dhá áis spraoi a thriail na cailíní. Cad iad? Cé acu ab fhearr leatsa agus tú i do pháiste? Cén fáth?
  3. Cén scéal a chuir iontas mór ar an gcailín mór beag? Meas tú cén fáth?
  4. Cén cur síos a thugann an t-údar ar ábhar an mheáin shóisialta  TikTok?
  5. Cén fáth a bhfuil doicheall ar an údar foghlaim faoi mheán sóisialta eile?
  6. An dóigh leat go bhfuil an cailín beag róthógtha le TikTok? Tabhair údar le do fhreagra.
  7. Is minic TikTok á cháineadh agus á mholadh. An bhféadfá buntáiste agus míbhuntáiste a lua leis an meán sin?
  8. An dóigh leat gur éirigh leis an údar comhrá páistí beaga a thabhairt léi go maith? Cén fáth?
  9. Ar chóir do leanaí deich mbliana fón póca pearsanta a bheith acu. Tabhair 2 chúis le do thuairim.
  10. An dóigh leat go bhfuil roinnt daoine óga faoi gheasa ag an bhfón agus gur mar fhíseán a fheiceann siad a gcuid eachtraí ar fad? An bhfuil aon dochar ansin?

Gníomhaíocht 2: Nathanna le cur i d’abairtí féin

anonn is anall
le teann iontais
coinnigh guaim ort féin
an ceann is fearr a fháil
ar feadh meandair
i mbéal an phobail, cá bhfios

Gníomhaíocht 3   Cúinne na Gramadaí

  • Aimsigh briathar sa mhodh coinníollach sa sliocht.
  • Faigh ainmfhocal baininscneach a bhfuil aidiacht leis.
  • Faigh dhá dhobhriathar sa téacs.
  • An bhfeiceann tú aon sampla den bhriathar saor san aimsir fháistineach sa téacs?
  • Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Is breá le leanaí cluichí (an pháirc spraoi).
Bíonn saol (na meáin shóisialta) ag athrú de shíor.
I lár (an suíochán mór) a bhí siad ina suí.
Bhí go leor (iontas) ar an gcailín beag faoin bhfón.
Ar chloisteáil (an scéal iontach) dóibh bhí a súile ar leathadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Go leor le foghlaim ó bhanríon bheag an TikTok agus an cailín mór beag '

  • Aidrián de Rís

    1. Ag an báirc spraoi
    2. Barrai moncai, ziplíne. Níorbh fhearr liomsa ceann amháin acu mar gheall ar nach raibh siad ann nuair a bhí mise i mo bhuachaill.
    3. Go raibh fón ag an gcara agus ise chomh óg
    4. Go raibh daoine óga ag roinnt fhíseán orthu agus araile
    5. Tá sé róshean.
    6. Tá, mar gheall ar go bhfuil sí chuile rud a chur ar ‘TikTok’.
    7. Tá sé an-úsáideach chun ceangail a choinneal le do chairde le linn an choróinvíris agus chun rudaí suimiúla a dhéanamh ach tá sé contúirteach a bhaint as rómhinic agus go mbíonn strainséirí ag iarraidh bualadh le páistí orthu.
    8. Is dóigh liom mar gheall ar go h-úsáideann sé teanga páistí.
    9. Níor chóir mar gheall ar go bhfuil sé contúirteach a bhaint as rómhinic agus go mbíonn strainséirí ag iarraidh bualadh le páistí orthu.
    10. Tá, tá dochar do shláinte meabhair an pháiste agus go mbeidh ag caitheamh an iomarca ama ar na meáin sóisialta in ionad labharta lena theallach agus a chairde.

    Labhraítear Gaeilge anonn is anall in Éirinn.
    Chuala mé an nuacht le teann aontais.
    Cé go raibh fearg orm, choinnigh guaim orm féin.
    Ar feadh meandair cheap mé go bhfaca mé leipreachán!
    An bhfuil tú dá chur féin i mbéal an phobail, cá fhios?

    Dá mbeadh sé
    réalt mhór
    anonn is anall
    scaipfear
    Na páirce spraoi
    Na meán sóisialta
    An tsuíocháin mhóir
    Iontais
    An scéil iontaigh

  • CranjesMcBasketball

    an-mhaith

  • CranjesMcB

    An mhaith