Fiche bliain ag coimisiúnú – féachann Mícheál Ó Meallaigh siar ar a shaol oibre le TG4

Agus Mícheál Ó Meallaigh díreach éirithe as a chúram mar Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4, post a bhí aige ó bunaíodh an stáisiún, labhair sé linn faoi bhuaicphointí na tréimhse a chaith sé i mBaile na hAbhann

Micheal_O_Meallaigh

Is beag a cheap Mícheál Ó Meallaigh, agus é i bhfeighil óstáin i dTír Chonaill siar sna 90í, gur in earnáil na teilifíse a chaithfeadh sé an chuid eile dá shaol oibre.

Bhí Ó Meallaigh ag tarraingt ar an dá scór nuair a chuala sé go raibh stáisiún teilifíse Gaeilge le bunú agus bheartaigh sé cur isteach ar chúrsa teilifíse a bhí á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta. Nuair a cuireadh tús le Teilifís na Gaeltachta i 1996, ceapadh Ó Meallaigh ina eagarthóir coimisiúnaithe don stáisiún agus bhí sé ag feidhmiú sa ról sin go dtí gur éirigh sé as an tseachtain seo caite.

Bronnadh Buaicghradam Chumarsáide an Oireachtais 2016 ar TG4 Dé hAoine de bharr na n-éachtaí atá déanta acu agus is cinnte go raibh Ó Meallaigh lárnach i bhforbairt an stáisiúin. Le corradh agus fiche bliain, is faoi Ó Meallaigh a bhí sé na cláracha a choimisiúnú agus é ar a dhícheall ag “freastal ar gach aon aoisghrúpa agus ar gach aon suim ar fud na tíre”.

Ach céard iad na cláracha is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Ó Meallaigh le fiche bliain?

Dúirt sé le Tuairisc.ie gur buaicphointe pearsanta aige é gur éirigh leis cláracha grinn as Tír Chonaill a choimisiúnú.

“Thug mé deis do dhaoine gan aon chur amach acu dáiríre ar an teilifís ná scríobh don teilifís ach go raibh an greann go smior iontu.

“Bhain muid trí shraith as CUBurn agus lean sé ar aghaidh go dtí FFC agus Gleann Ceo ina dhiaidh sin.”

11206212475_05d5b1ee61_b
CU Burn

Ach thar aon rud eile tá clú agus cáil bainte amach ag TG4 de bharr líon na gcláracha faisnéise a bhíonn á léiriú ar an stáisiún i rith an ama. Dúirt Ó Meallaigh go bhfuil sé “bródúil as an méid sin léiritheoirí ón nGaeltacht, agus ar fud na tíre, a thug faoi chláracha faisnéise a dhéanamh dúinn ar ardchaighdeán nuair a bhí airgead stáit gann”.

Chomh maith leis sin, is mór ag Ó Meallaigh an t-athchóiriú a rinneadh ar sheoda litríochta na Gaeilge i sraitheanna ar nós Údar. 

Craoladh an leagan teilifíse de Cré na Cille in 2007 agus dar le hÓ Meallaigh go raibh práinn lena leithéid de chlár a chur i dtoll a chéile. “Mura ndéanfaí Cré na Cille ag an am sin, ní bheadh na daoine ann i gceann scór bliain nó a leithéid len é a dhéanamh”.

Ach ainneoin réimse leathan na gcláracha ag TG4, bíonn cur is cúiteamh ann i gcónaí i measc phobal na Gaeilge maidir le caighdeán na Gaeilge ar an stáisiún. Toisc gur i mBéarla a scríobhtar cuid mhaith de na scripteanna drámaíochta an chéad lá, dar le léirmheastóirí áirithe go mbíonn ‘blas mínádúrtha’ ar thuin chainte na n-aisteoirí scaití.

Chuir Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge a mhíshásamh in iúl cúpla mí ó shin freisin maidir le ‘heaspa freastail’ TG4 ar scríbhneoirí na Gaeilge toisc an oiread drámaí a scríobhtar i mBéarla.

Ach dar le hÓ Meallaigh gurb amhlaidh go scríobhtar os cionn 70% de na scripteanna i nGaeilge ón tús agus gurbh fhearr leis gan dul i muinín an aistriúcháin, ach nach dtagann an méid sin scríbhneoirí Gaeilge chuige.

Is i mBéarla a scríobhadh an script don tsraith An Klondike, mar shampla, ach ní hé sin le rá go raibh an clár thíos leis. Bhuaigh An Klondike IFTA i mbliana don tsraith teilifíse is fearr in Éirinn agus beidh an dara sraith á léiriú i rith an tsamhraidh.

“Bíonn gá cinneadh a dhéanamh ar an togra is láidre. Nuair a bhím sa bhaile ag breathnú air is cuma má scríobh Gaeilgeoir nó Béarlóir é. An bhfuil an rud fiúntach? An bhfuil sé maith? An bhfuil sé drámatúil? An bhfuil sé tarraingteach? Sin é an príomhrud.”

Tá ceisteanna eile tagtha chun cinn maidir le cén fáth nach leagtar coinníollacha teanga síos do chláracha a ndéanann TG4 coimisiúnú orthu?

“Ní maith liomsa an iomarca rialacha riamh,” a dúirt Ó Meallaigh.

“Ag deireadh an lae, dá mbeadh TG4 ag craoladh cláracha laga toisc gur scríobhadh i nGaeilge iad, ní bheidh sí ar an bhfód rófhada.

“Is stáisiún teilifíse é TG4 agus tarlaíonn sé go bhfuil muid ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus ag iarraidh cláracha fiúntacha, maithe a chur ar an bhfód.”

Dar ndóigh, tá earnáil na teilifíse de shíor ag athrú agus ní mór do TG4 a bheith bord ar bhord leis an aimsir.

Dá bhrí sin, dúirt Ó Meallaigh go bhfuil níos mó béime á cur anois ar ábhar beo, ar nós cluichí spóirt, gradaim cheoil agus FleadhTV. Toisc tionchar leitheidí Netflix, b’fhéidir, ní bhíonn an lucht féachana sásta fanacht ó sheachtain go seachtain le sraitheanna drámaíochta a thuilleadh, agus mar gheall air sin, scaoileadh amach thar thrí óiche an tsraith ghrinn dhátheangach Éirí Amach Amú/Wrecking the Rising.

Ach tá dóchas ag Ó Meallaigh go mbeidh TG4 in ann do na dúshláin atá amach roimh an stáisiún.

“Is cinnte go mbeidh ábhar Gaeilge á chraoladh agus á choimisiúnú agus á léiriú ag muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tá mé ag súil go dtiocfaidh fás ar an méid daoine ón nGaeltacht a bheidh ag léiriú agus gur ag dul i bhfeabhas a bheidh siad i gcónaí,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Fiche bliain ag coimisiúnú – féachann Mícheál Ó Meallaigh siar ar a shaol oibre le TG4'