Léiríonn tuarascáil nua ón Roinn Oideachais “éigeandáil” i scoileanna an stáit maidir le múineadh na Gaeilge agus caighdeán Gaeilge na múinteoirí, dar le Conradh na Gaeilge.
Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc go léiríonn Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach go bhfuil an Ghaeilge “i ndrocháit” i scoileanna an stáit agus go bhfuil gá le curaclam nua a bheadh bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
“Tá cruachás, nó éigeandáil, sna scoileanna. Léiríonn sé an gá le curaclam nua. Bheadh go leor inseirbhíse ag teastáil in aon athrú mór mar sin, ach bheadh na múinteoirí ag dul i dtreo córas idirnáisiúnta maidir le múineadh teangacha agus bheadh an t-athrú sin fiúntach don chóras ar fad.
“Is léir go bhfuil an fhadhb seo ina fáinne fí. Caithfear a chinntiú go bhfuil an curaclam i gceart sna scoileanna, go bhfuil na múinteoirí in ann ag an gcuraclam, nó nuair a bheidh na páistí sin sna coláistí oiliúna, ní bheidh siad féin in ann é a mhúineadh,” a dúirt de Spáinn.
Dúirt sé gur gá don Roinn Oideachais dul i ngleic leis an bhfadhb “mar éigeandáil” agus nach gcabhraíonn sé le cás na teanga go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn líon na n-uaireanta an chloig a chaitear ag múineadh na teanga a laghdú.
“Ní chabhróidh sé go bhfuil leathuair an chloig le baint den am atá curtha ar leataobh do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna. Níl i ndán ach ísliú i gcaighdeán na Gaeilge ar fud an chórais oideachais mar gheall air sin.
‘Mórábhar imní’ a laghad Gaeilge atá ag go leor múinteoirí – an Roinn Oideachais
“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais coiste saineolach a chur ar bun láithreach bonn chun curaclam a bheidh bunaithe ar an CEFR a bhunú. Ní bhfuair muid aon fhreagra ón Aire reatha. Tá tagairt don CEFR sa phlean rialtais ach níl aon ghníomh eile luaite,” a dúirt de Spáinn.
Dúirt sé go bhfuil sé go maith go bhfuil an Fráma Tagartha Comónta Eorpach luaite sa tuarascáil a foilsíodh inné agus go dtacaíonn sé sin le héileamh an Chonartha go mbeadh coiste saineolach ann leis an moladh sin a fheidhmiú.
Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas le Tuairisc go raibh siad “an-sásta” go bhfuil aitheantas ann anois don “oideachas a chuirtear ar fáil do leanaí óga mar chéim ríthábhachtach don chontanam” oideachais in Éirinn.
“Tá na léargais luathbhlianta sa tuarascáil an-dearfach, agus molaimid go mór na naíonraí ar fad a thugann tús iontach do leanaí ar a n-aistear foghlama,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt Gaeloideachas gur “cruthúnas breise” atá sa tuarascáil “gur fiú gach tacaíocht a thabhairt don tumoideachas”.
“Tá an t-athbhreithniú téamach sa tuarascáil maidir le foghlaim agus teagasc na Gaeilge atá an-mholtach i leith scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ach go háirithe na scoileanna ina bhfuil an luath-thumoideachas iomlán á chleachtadh ar feadh dhá bhliain.
“Tréaslaímid leo as an mbuntáiste seo a thabhairt do na páistí faoina gcúram, agus tugann na páistí féin cuntas sa tuarascáil ar an taitneamh a bhaineann siad as an nGaeilge a fhoghlaim agus as an bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt an eagraíocht gur mhaith leo go mbeadh an deis ag “gach páiste ag leibhéal an naíonra agus na bunscoile” an t-oideachas a fháil i nGaeilge agus go mbeadh an rogha ann “leanúint le hoideachas lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chomh maith”.
“Ba thráthúil gur inné a tionóladh an chéad chruinniú den tascfhórsa atá bunaithe ag an Roinn Oideachais agus Óige le breathnú ar cheist an tsoláthair. Iarrann muid anois ar an Aire Oideachais agus ar oifigigh na Roinne gníomhú gan mhoill le cinntiú go mbeidh naíonra, bunscoil, agus iar-bhunscoil ar fáil mar rogha do gach páiste,” a dúradh i ráiteas Gaeloideachas.
Dúradh sa tuarascáil a foilsíodh inné gur “mórábhar imní” é a laghad Gaeilge atá ag go leor múinteoirí in Éirinn. Léiríodh imní sa cháipéis faoin éagsúlacht atá ann maidir leis an inniúlacht atá ag múinteoirí sa Ghaeilge” agus dúradh gur léir ó na cuairteanna cigireachta a tugadh in 2024 “nach bhfuil dóthain líofachta sa Ghaeilge ag formhór múinteoirí” chun an curaclam teanga a chur i bhfeidhm mar is cóir sna bunscoileanna.
Léirítear sa tuarascáil go mbíonn “tionchar dearfach” ag an tumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge “ar thorthaí foghlama leanaí”. Cothaíonn an tumoideachas “dearcadh dearfach agus díograis mhéadaithe i leith na Gaeilge”, a deirtear.
“Léiríodh i gcigireachtaí gur bhain leanaí i scoileanna Gaeilge an-tairbhe as an gcéad dá bhliain a chaitheamh i ranganna naíonán inar tumadh sa Ghaeilge labhartha iad, áit ar tugadh léitheoireacht agus litearthacht fhoirmiúil isteach tráth ní ba dhéanaí.
“Cuireadh ar chumas na leanaí treoracha a thuiscint, ceisteanna a chur agus iad féin a chur in iúl i nGaeilge mar gheall ar an úsáid chomhsheasmhach a bhain múinteoirí as an nGaeilge le linn ceachtanna.”
Barra
Cad faoin éigeandáil sa Roinn faoin nGaolainn ón bharr anuas?
Pádraig Mac Fhearghusa
Tumoideachas atá ag teastáil i gcás go leor múinteoirí faoi seo. Cár mhiste sin sa Roinn Oideachais féin (ar bhonn eolaíoch, ar ndóigh) ach oiread. Chothaigh an Roinn an fhadhb le fada.