Feirm ghaoithe nua i nGaeltacht Chonamara le díol

Rinne an comhlacht idirnáisiúnta ollmhór Amazon socrú cheana féin cumhacht a cheannach ó fheirm ghaoithe na nArd-doiriú

Feirm ghaoithe nua i nGaeltacht Chonamara le díol

Tá feirm ghaoithe sa Ghaeltacht atá ar cheann de na cinn is mó sa tír le díol.

Costas thart ar €200 milliún a bhain le tógáil na feirme gaoithe sna hArd-doiriú idir Maigh Cuilinn agus Seanadh Phéistín in oirdheisceart Chonamara i gcontae na Gaillimhe.

Meastar go mbeidh deireadh na bliana ann sula mbeidh cumhacht á giniúint ag an bhfeirm ghaoithe 101MW ach tuairiscítear anois go bhfuil cinneadh déanta ag na forbróirí, an comhlacht Éireannach Invis Energy, í a dhíol.

Tá na tuirbíní gaoithe atá in úsáid sna hArd-doiriú ar na cinn is mó atá in úsáid sa tír. Tá na rótair 74 méadar ar fhad, rud a fhágann go bhfuil na tuirbíní beagnach 150m ar trastomhas. 22 tuirbín uile atá i gceist san fheirm ghaoithe seo.

Bronnadh cead pleanála in 2019 chun feirm ghaoithe suas le 25 tuirbín a thógáil ar an suíomh.

Rinne an comhlacht idirnáisiúnta ollmhór Amazon socrú in 2020 cumhacht a cheannach ó fheirm ghaoithe na nArd-doiriú.

KPMG atá i mbun an díolacháin do Invis Energy. Deirtear go bhfuil an fheirm ghaoithe suite ar chósta thiar na hÉireann, go mbaineann sí leas as “acmhainn ghaoithe den scoth” agus go mbíonn éileamh mór ar chumhacht ag cathair na Gaillimhe, atá gar di.

Agus í ag labhairt an tseachtain seo, dúirt Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen go raibh an tAE chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’earnáil an fhuinnimh ghaoithe.

“Tabharfaidh muid tús áite do cheadúnais. Cuirfidh muid feabhas ar na córais cheantála ar fud an Aontais Eorpaigh. Díreoidh muid ar scileanna, rochtain ar mhaoiniú agus ar shlabhraí soláthair seasmhacha,” a dúirt von der Leyen le Parlaimint na hEorpa Dé Céadaoin.

Tá an tAE ag iarraidh teacht ar aontú faoi sprioc go mbeadh 42.5% de chumhacht an an aontais á giniúint ó fhoinsí inathnuaite faoi 2030.

Tuairiscítear freisin san Irish Independent go bhfuil an Banc Eorpach Infheistíochta le €1 billiún a chur ar fáil chun tograí gaoithe ar tír agus tograí grianfhuinnimh a mhaoiniú in Éirinn agus i dtíortha eile in iardheisceart na hEorpa. Deirtear go mbeidh €1.4 billiún eile ar fáil ón earnáil phríobháideach.

Fág freagra ar 'Feirm ghaoithe nua i nGaeltacht Chonamara le díol'