Féile úrnua Ghaeilge faoi lán seoil ar fud chathair agus chontae Luimnigh

Beidh Féile na Samhna, atá á heagrú ag Comhluadar Luimnigh, ar siúl go dtí Dé Luain seo chugainn agus os cionn 20 imeacht beartaithe

Féile úrnua Ghaeilge faoi lán seoil ar fud chathair agus chontae Luimnigh

Tá féile Ghaeilge úrnua faoi lán seoil i Luimneach. Comhluadar Luimnigh, eagraíocht teanga agus pobail,  atá i mbun Féile na Samhna.

Cuireadh tús leis an bhféile aréir agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí Dé Luain seo chugainn.

“Is éard is fís dúinn ná daoine a thabhairt le chéile, go sóisialta, trí Ghaeilge, agus déantar freastal ar gach leibhéal Gaeilge,” a deir Denis Kelly, ball coiste de chuid Chomhluadar Luimnigh atá ag cur faoi in Atháin agus atá ar dhuine de na daoine a bhunaigh an eagraíocht sa bhliain 2017.

“Le linn na féile beidh deis ag muintir Luimnigh agus a gcairde páirt a ghlacadh i raon leathan imeachtaí ar fud na cathrach agus an chontae, agus imeacht ann do gach aon aoisghrúpa.”

I measc na n-imeachtaí beidh club leabhar, céilí agus teacht le chéile i dteach Bradshaw i gCaisleán Uí Chonaill, léacht i Ráth Caola, club leabhar agus Ciorcal Comhrá na mBan i gCaladh an Treoigh, club do pháistí as Gaeilge i Lios na Graí, seoladh leabhar ceoil i gConradh na Gaeilge, ciorcal comhrá ag Margadh an Bhainne agus siúlóidí dúlra i nGleann Stáil.

Beidh  ‘pop-up-Gaeltacht’ sna tithe tábhairne clúiteacha JJ Bowles agus Tom Collins sa chathair chomh maith le ceolchoirmeacha le Seo Linn agus an Brad Pitt Light Orchestra.

Beidh ócáid shóisialta le Narrative 4 ar siúl agus beidh Tarra,c an fadscannán Gaeilge de chuid Cine4, sa Belltable, mar chlabhsúr ar an bhféile Dé Luain seo chugainn.

Tá Eleanor Walsh ó Choláiste Mhuire gan Smál ag tnúth go háirithe le dhá imeacht an-speisialta ag an gcoláiste Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 10 agus 11 Samhain.

“Beidh béim ar na leanaí agus ar na daoine óga ag an deireadh seachtaine’ a deir sí. ‘Oíche Dé hAoine beidh Tráth na gCeist Kahoot agus teacht le chéile sóisialta á reáchtáil againn do dhaltaí dara leibhéal idir 16 agus 18 bliain d’aois i dTolglann na Mac léinn i gColáiste Mhuire gan Smál,” a deir sí.

Ar an Satharn an 11 Samhain beidh Lá Spraoi do Theaghlaigh as Gaeilge sa choláiste.

“Beidh LEGO STEM ann chomh maith le Stop Motion Animation as Gaeilge, agus go leor siamsaíochta do pháistí níos óige freisin – damhsa, ealaín, fiú ceolchoirm saor in aisce le Seo Linn – agus tae, caife agus cáca milis do thuismitheoirí.”

Dar le Róisín Ní Ghairbhí, ball coiste eile ó Chomhluadar Luimnigh agus léachtóir le Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál gur “tionscnamh nua tábhachtach ar leith” é an Tráth na gCeist Kahoot, a bheidh ar siúl do dhaltaí sa tsraith shinsearach Dé hAoine.

“Tá a fhios againn go bhfuil daoine óga i gcathair agus i gcontae Luimnigh a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, agus seo a seans – deis píosa craic a bheith acu, a gcuid Gaeilge a úsáid, bualadh le daoine nua – agus beidh píotsa ann freisin!” arsa Róisín Ní Ghairbhí.

Dírithe ar aoisghrúpa idir 18-25 bliain d’aois a bheidh an ócáid malartaithe scéalta a bheidh á reáchtáil i Narrative 4 ar Shráid Uí Chonaill tráthnóna Déardaoin. Eagraíocht idirnáisiúnta é Narrative 4 a deir go bhfuil sé mar aidhm acu a chur ar chumas ealaíontóirí agus oideachasóirí daoine a thabhairt le chéile agus tuiscint a chruthú eatarthu.

Beidh Ceolfhoireann Brad Pitt Light ar siúl i Narrative 4 níos déanaí an tráthnóna céanna, an Déardaoin beag seo.

Is le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge atá an fhéile á reáchtáil.

Tá an clár iomlán ar fáil ag www.comhluadarluimnigh.ie.

Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce, seachas ceolchoirm Brad Pitt Light Orchestra.

Fág freagra ar 'Féile úrnua Ghaeilge faoi lán seoil ar fud chathair agus chontae Luimnigh'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Mo cheol iad! Ach tá súil agam go n-éireoidh le duine éicint cúis ómóis a chur ar bhun do Chríostóir ó Floinn nach maireann, a rugadh sa gcathair :-)