Féile ‘Samhain’ ina cíor thuathail

Féile óg atá sa dara bliain í ‘Samhain’ agus is féidir leithscéal a ghabháil as fadhb fhánach nó dhó. Ach bhí níos mó ná sin i gceist.

John Talabot, is beag leigheas a bhí aige ar 'ghreimlíní' na Samhna.
John Talabot, is beag leigheas a bhí aige ar ‘ghreimlíní’ na Samhna.

Ní raibh leigheas ag Jon Hopkins, Maya Jane Coles ná an Catalónach John Talabot ar fhadhbanna ‘Samhain’, féile cheoil aon oíche a thug suas le 4,000 réabhaire amach chuig Gairdíní Loch Craobh, in iarthuaisceart chontae na Mí, Dé Domhnaigh seo caite.

Fuarthas láthair den scoth faoi scáth Shliabh na Caillí agus ainmneacha móra i saol an cheoil leictreonaigh le casadh ann. Fógraíodh go maith í, díoladh amach an uile thicéad agus tháinig na sluaite gléasta i bhfeistis na Samhna réidh don ócáid. Meascán foirfe, shílfeá.

Má bhí Hopkins, léiritheoir ceoil as Sasana, ar bharr liosta na gceoltóirí, bhí cúis leis. Eisean a sheas amach. Ceol damhsa leictreonaice séiseach a bhfuil sé deacair diúltú dó. Cinnte, bhí a chuid ama ar stáitse an phríomhphubaill ar cheann de bhuaicphointí na hoíche.

Díreach mar a éiríonn lena cheathrú halbam ‘Immunity’ cuimhní cinn sároíche a mhúscailt, fíorú na haislinge a bhí ina sheit bheo.

Faraor, ní hamhlaidh a bhí i gcás Talabot. Cé go raibh an D.j ildánach chomh maith leis an chuid is fearr de réalta Body and Soul le linn an tsamhraidh, ba shaothar in aisce a bhí anseo aige. Cha raibh an locht air.

Ligeadh síos go mór é. Drochfhuaim sa phuball láir ba chúis leis an neamhshuim.

Féile óg atá sa dara bliain í ‘Samhain’ agus is féidir leithscéal a ghabháil as fadhb fhánach nó dhó. Ach bhí níos mó ná sin i gceist. Níor éirigh le lucht eagraithe a bhfís a bhaint amach.

Bhí lucht freastail na féile ag súil le ‘trí phuball lán ceoil, beoir cheirde, manglaim, bia beadaí agus maisiúchán amharclannach’.

Ach a leithéidí ní bhfuair.

Ar an drochuair, samhlaím go mbeidh ‘Samhain’ luaite le scuainí fada, ganntanas deochanna, burgair reoite agus easpa go ceann bliana eile.

Tá leithscéal fógraithe ag lucht eagraithe na féile ar leathanach Facebook agus ar shuíomh Samhain, dírithe orthu siúd ar chuir na ‘scuainí móra’, an ‘beár folamh’ nó ‘drochfhuaim’ isteach orthu.