Féile le comóradh a dhéanamh ar stair na cruitireachta in Éirinn 

Tá 50 cruitire agus cláirseoir ag teacht go Béal Feirste mar chuid den fhéile An Chruit Bheo/Harps Alive le comóradh a dhéanamh ar Thionól na gCruitirí a tharla sa chathair i 1792

Féile le comóradh a dhéanamh ar stair na cruitireachta in Éirinn 

Beidh uirlis náisiúnta na hÉireann á ceiliúradh an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Tá 50 cruitire agus cláirseoir ag teacht go Béal Feirste mar chuid den fhéile An Chruit Bheo/Harps Alive le comóradh a dhéanamh ar Thionól na gCruitirí a tharla sa chathair i 1792, tráth a raibh sí ar na cathracha ba radacaí in Éirinn.

Tá an fhéile seo mar thoradh ar chomhthionscadal thuaidh-theas a bhfuil sé mar aidhm aige comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar stair chultúrtha agus oidhreachta agus ar fhorbairt na cruitireachta in Éirinn

Beidh réimse leathan imeachtaí ann ar fud na cathrach le linn na féile, ó thaispeántas i Leabharlann Halla an Línéadaigh, go ceardlanna, léachtaí agus ceolchoirmeacha.

Ní hamháin gur ceiliúradh é An Chruit Bheo/Harps Alive, ach is foinse eolais a bheidh ann chomh maith ina mbeidh deis ag daoine a bheith ag éisteacht beo le foinn stairiúla na cruite, rud beag a fhoghlaim faoi stair na cruite, uirlis a dtéann a fréamhacha i bhfad siar i stair na hÉireann.

Ag cur tús leis na himeachtaí i mBéal Feirste tráthnóna Dé hAoine, seolfar taispeántas Leabharlann Halla an Línéadaigh, a léireoidh míreanna suntasacha ó stair na cruitireachta in Éirinn, lámhscríbhinní Edward Bunting san áireamh. Beidh an taispeántas ann ar feadh na féile, agus is deis iontach é eolas a chur ar stair shaibhir chultúrtha na cruitireachta.

Beidh ceardlanna do dhaoine óga agus do dhaoine fásta, chomh maith le coirmeacha ag a mbeidh Ciara Taafe, Adam O’Neill agus Gráinne Meyer agus tabharfar ómós do Cheolfhoireann Chruite Bhéal Feirste, grúpa a bhfuil gradaim Grammy buaite acu.

Críochnóidh Harps Alive go hoifigiúil ar an 24 Iúil, le hócáid chuimhneacháin do Edward Bunting, a reáchtálfar taobh lena uaigh in Reilig Chnocán Iaróm, i mBaile Átha Cliath, uaigh a athchóiríodh le déanaí. 

Bhí saothar Bunting mar thras-scríobhaí ag Féile Cruite Bhéal Feirste i 1792 lárnach chun eolas ar cheol na gcruitirí ag an fhéile sin a chaomhnú agus gan scríbhinní Bunting, is dócha go ndéanfaí dearmad ar go leor de na foinn a bhíonn á seinm anois ag cruitirí.

Ag an uaigh, tabharfaidh David Byers óráid, léifidh Emily Cullen filíocht agus beidh ceol na cláirsí le cluinstin ó Áine Ní Dhubhghaill agus Paul Dooley, agus is cinnte gur deireadh oiriúnach a bheidh ann leis An Chruit Bheo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi An Chruit Bheo/Harps Alive, agus chun sceideal iomlán na n-imeachtaí a fheiceáil, tabhair cuairt ar www.harpireland.ie

Fág freagra ar 'Féile le comóradh a dhéanamh ar stair na cruitireachta in Éirinn '