Do chos a leagan ar thalamh oileáin an tsamhail is fear atá mé in ann a thabhairt d’Fhéile rásaíochta Cheltenham.
Níl mé cinnte an amhlaidh duitse, ach níl uair dá dtéim go hÁrainn, go hInis Bó Finne nó chuig aon cheann de na hoileáin eile atá amach ónár gcóstaí nach mbraithim, faid agus atá mé ann, go bhfuilim i riocht atá éagsúil ón gceann a d’fhág mé.
Ní bhíonn aon athrú ar dhreach na ndaoine, ar a n-iompar ná ar a gcuid cainte – cé is moite den ‘deabhadh’ seo agus de na ‘carcracha’ a mbíonn na hÁrannaigh ag trácht orthu! Fós braithim go bhfuil mé in áit atá níos teanntaithe, ach fós níos neamhspleáiche.
I gcás an oileáin, tugann an turas farraige deis don intinn a dhul i dtaithí ar a leithéid is dócha, i gcás Cheltenham an t-aistear gairid sa mbus ón stáisiún traenach chomh fada le páirc na rásaí agus a luaithe agus atá duine taobh istigh de na geataí, tá sé mar a bheadh i gcúirt iata. Dá dtitfeadh an t-aer ar an talamh dhá mhíle ó bhaile, blas ar bith ach go dtabharfaí aon suntas de.
Cé nach mbíonn fáil i Prestbury Park ar an éagsúlacht teangacha a chloistear timpeall Chill Rónáin i gceartlár an tsamhraidh, fós tabharfaidh tú suntas do na canúintí. Beagnach an oiread céanna de thuin an Éireannaigh le brath ann agus atá den Sasanach, ach an aidhm chéanna acu ar fad –an geallghlacadóir a bhánú.
Mar is dual do gach mór-ócáid rásaíochta capall an lae inniu is lárionad faisin é Féile Cheltenham, cleití geimhridh na mban ina gcuid éadaí galánta. Ach tabharfaidh tú suntas d’fheisteas na bhfear freisin. Ar an gcéad dul síos bíonn hata á chaitheamh ag a mbunáite – triolbaithe nó ‘trilbys’ is líonmhaire.
Spórt tuaithe den chuid is mó í an tseilgrásaíocht a bhfuil a hoidhreacht le fáil ar ndóigh i Machaire Méith na Mumhan. Ba ar na páirceanna shíneann ón séipéal i gCill na Mallach chomh fada le spuaic Theampall Mhuire i nDún ar Aill i gCo. Chorcaí a ritheadh an chéad léim-rása riamh i 1752, nuair a chuir Edmund Blake agus Cornelius O’Callaghan geall as a gcuid capall féin. As an spuaic sin a tháinig an téarma Béarla ‘steeplechase’.
Faoin tuath freisin, iardheisceart Shasana, atá ceanncheathrú an spóirt sin sa mBreatain – na feirmeoirí a dhéanann pórú ar na capaill agus na traenálaithe is cáiliúla agus is rathúla dá bhfuil ann. I Somerset atá stábla David Pipe agus Paul Nicholls, tá Colin Tizzard i Dorset; Jonjo O’Neill i Gloucestershire; Venetia Williams i Herefordshire agus ar ndóigh Cheltenham ar an teorainn.
Ach tú a bheith grinn do dhóthain, tabharfaidh tú faoi deara an chanúint ar a dtugtar ‘West Country English’ nuair a osclóidh saoránaigh an cheantair sin a mbéal – deirtear gur ar chaint ón taobh sin tíre sin is mó atá rian na dteangacha Ceilteacha le brath.
Mura bhfuil an bua sin agat aithneoidh tú an chuid is rathúla acu as a bhfeisteas. Ní hata triolbaí a bheidh á chaitheamh acu siúd ach caipín agus culaith bhréidín agus bróga donna.
Ach an deis a bheith acu, níor mhiste leosan ach an oiread an geallghlacadóir a chur ar shlatracha a dhroma, ach is iad na hainmhithe agus an comhluadar na clocha is mó ar a bpaidríní – faoi mar a bhíodh lucht tuaithe an Achréidh ag Rástaí na Gaillimhe tráth.
D’fhéadfaí an ‘sean-airgead’ a bhaisteadh ar a leithéid siúd is dócha agus iad ag spaisteoireacht ar a suaimhneas i gcomhluadar a gcomharsan agus na gcapall.
Trí stóir os a gcionn i Cheltenham atá an ‘t-airgead nua’ – na boscaí corparáideacha nua a bhfuil costas €600 an duine in aghaidh an lae ag baint leo. Tá na buidéil champagne á ndíol chomh tréan iontu siúd agus atá piontaí leanna in ollphuball Arthur Guinness faoina mbun agus ní sceallóga ná burgair atá ar na plátaí iontu ach an oiread.
Fós tá compord ag gach aon dream agus cuimhnigh go ndeachaigh 250,000 duine trí na geataí anuraidh.
Liú faoi leith é an ceann a bhaineann macalla as na seastáin nuair a thosaíonn an chéad rása agus táim ag súil go mór leis – ag súil freisin le mo sciar féin den €800 milliún a chaithfear i ngeallta.
Agus cén chaoi a n-aithneoidh feirmeoir mór na háite mise, d’uireasa mo chulaith bhréidín agus mo bhróga donna.
Bíodh sé san airdeall ar an gcréatúr bocht, maolchluasach a théann amach an geata chuile thráthnóna, a dhá lámh chomh fada le chéile, gan luach tacsaí aige a thabharfaidh chuig an stáisiún é agus gan le cloisteáil uaidh ach, ‘go deo, deo arís!’
Fág freagra ar 'Féile Cheltenham mar a bheadh oileáin Árainn – níos teanntaithe ach níos neamhspleáiche chomh maith'