FÉILTE
Ainm Cleite, Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí
Beidh Ainm Cleite, Féile na bhFilí agus na Scríbhneoirí, ar bun i gCeantar na nOileán, Conamara, ón 12-14 Meán Fómhair. Beidh an oscailt oifigiúil ar bun i Halla Pobail Thír an Fhia tráthnóna Dé hAoine, ag tosú le seó stáitse le gasúir ó ranganna drámaíochta Ghlór na nOileán ag 6:30 i.n. Bronnfar Gradam na Féile ina dhiaidh sin agus is ar an scríbhneoir Antoine Ó Flatharta a bhronnfar gradam na bliana seo. Beidh Gradam Speisialta á bhronnadh ar an gceoltóir Sonaí Choilm Learaí Ó Conghaile ag an ócáid freisin. Cuirfear clabhsúr leis na himeachtaí le sólaistí agus ceolchoirm le Glór na dTonn.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Satharn, agus ceardlann scriptscríbhneoireachta leis an scríbhneoir Greg Ó Braonáin i measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun. Beidh mic oscailte Tí Jeaic (An Hooker Bar) ag 5:30 i.n agus prós, filíocht, agallaimh bheirte agus lúibíní á n-aithris. Tí Jeaic a bheidh gabhar á róstadh arís ar an Domhnach nuair a sheolfaidh Máirtín Tom Sheáinín an t-albam Amhráin Áine le Áine Durkin ag 3:30 i.n. Beidh amhránaithe agus ceoltóirí i láthair le hamhráin ón albam a chasadh ag an ócáid agus cuirfear sólaistí ar fáil. Tuilleadh eolais ar leathanach Facebook Ghlór na nOileán.
An Puball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach
Beidh An Puball Gaeilge ar ais ag an bPicnic Leictreach i mbliana agus é istigh sa rannóg Mindfield den fhéile. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 3:00 i.n. inniu, Dé hAoine 29 Lúnasa, agus an grúpa ceoil rac agus indie as lár na tíre BYRO ag seinm. Leanfar ar aghaidh leis an gceol ar feadh an tráthnóna ina dhiaidh sin agus ceoltóirí agus grúpaí éagsúla ag seinm, ina measc beidh Eve Belle, Na Tonnta, Burnchurch agus Pádraig Ó Sé agus a chairde.
Tá clár mór leagtha amach arís ar an Satharn, ag tosú ag 12 meán lae agus imeachtaí folláine agus meabhairshláinte ar bun ag Kate McDaid agus Ella McCabe. Beidh caint agus comhrá ag Úna Mullally agus Emma Ní Chearúil le Catherine Connolly, Alan Titley, Eoghan Ó Ceannabháin agus John Prendergast ag am lóin. Cuirfear TG Lurgan Karaoke ar siúl ag a 5 i.n. agus leanfar ar aghaidh go dtí a 11 i.n. le himeachtaí éagsúla.
Tá clár iomlán leagtha amach don Domhnach freisin agus ceol, cluichí agus cainteanna san áireamh.
Tuilleadh eolais agus an clár le fáil ar leathanach Facebook Raidió na Life.
CÓNAITHEACHTAÍ EALAÍNE
Cónaitheacht Heinrich Böll d’ealaíontóir le Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht
Tá Cumann Heinrich Böll ag lorg iarratais ó ealaíontóirí le Gaeilge atá lonnaithe sa Ghaeltacht (scríbhneoirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí) le haghaidh cónaitheacht choicíse i dTeachín Heinrich Böll in Acaill sa bhliain 2026. Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Chumann Heinrich Böll, cuirfear liúntas €600 agus lóistín ar fáil mar chuid den chónaitheacht. Beidh an t-ealaíontóir féin freagrach as costas bia, ábhair agus taistil.
Is tearmann sainiúil é seo, atá oiriúnach dóibh siúd ar mian leo éalú ó fhuadar an tsaoil laethúil. Is í an aidhm atá ann ná go mbeadh an t-ealaíontóir in ann díriú go hiomlán ar a gcuid oibre, agus ag an am céanna, Oileán Acla a úsáid mar fhoinse inspioráide dá saothar. Tá dhá sheomra leapa, cistin, seomra suí, dhá sheomra staidéir agus stiúideo sa teach. Níl aon nasc teileafóin ná idirlín ann. Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí, más mian leo, cuairt a thabhairt ar scoileanna nó clubanna áitiúla ar an oileán agus a saothar féin a chur chun cinn trí ócáidí poiblí.
Glacfar le hiarratais suas go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Tuilleadh eolais agus foirm iarratais anseo.
TAIBHEALAÍONA
Scéimeanna nua maoinithe do na Taibhealaíona Gaeilge
Tá An tOireachtas ag glacadh le hiarratais ar scéimeanna nua maoinithe dírithe ar fhorbairt agus ar chur chun cinn na dtaibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge go náisiúnta. Cuirfear tacaíocht ar fáil do chompántais drámaíochta pobail lena n-áirítear deiseanna meantóireachta, oiliúna agus slite comhoibrithe cruthaitheacha agus an scéim urraíochta Ar Ardán do léirithe stáitse. Tá fócas na scéimeanna dírithe ar shaothar ina bhfuil na taibhealaíona Gaeilge lárnach sa chur i láthair, réimsí amhail agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, filíocht, rapcheol agus amhránaíocht.
Is é an Luan, 29 Meán Fómhair 2025 an spriocdháta d’iarratais. Tá foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.
COMÓRTAIS FILÍOCHTA
Comórtais filíochta do dhaltaí iarbhunscoile
Tá dhá chomórtas do dhaltaí iarbhunscoile seolta ag IMRAM agus Éigse Éireann i bpáirt lena chéile. Is iad na comórtais sin ná Duais Bashō, comórtas haiku, agus Guth na hÉigse, comórtas aithrise filíochta. Tugann an dá thionscnaimh deis do dhaoine óga filíocht a chumadh agus a chur i láthair.
Ghlac os cionn 500 déagóir as 19 scoil i gcontaetha ar fud na tíre páirt sa gcomórtas Duais Bashō anuraidh agus tá súil ag an lucht eagraithe go mbeidh deis ag níos mó daoine óga páirt a ghlacadh ann i mbliana. Is é an scríbhneoir aitheanta agus ball d’Aosdána Gabriel Rosenstock a dhéanfaidh moltóireacht ar an gcomórtas sin.
Sa chomórtas Guth na hÉigse, tugtar cuireadh do dhaltaí dánta ó liosta réamhroghnaithe a aithris os comhair lucht féachana. Beidh ócáid speisialta in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath ar an 21 Samhain mar chuid d’Fhéile IMRAM ina mbeidh deis ag daltaí cur i láthair a dhéanamh ar stáitse agus saothar nua a cheiliúradh.
Fág freagra ar 'Féile Ainm Cleite, Heinrich Böll in Acaill, Puball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, Comórtais filíochta do dhaoine óga'