Féasta rugbaí romhainn agus na cúigí i gcoimhlint lena chéile arís

Beidh na Connachtaigh á fhéachaint le Cúige Uladh amárach agus beidh curaidh an chomórtais Cúige Laighean ar chuairt ar Luimneach Dé Sathairn   Is beag scíth a fuair cuid mhaith d’imreoirí gairmiúla rugbaí na tíre seo an Nollaig seo. Seachtain ó shin d’imir siad an chéad cheann den trí chluiche idirchúige a bhíonn á n-imirt […]

Féasta rugbaí romhainn agus na cúigí i gcoimhlint lena chéile arís

Beidh na Connachtaigh á fhéachaint le Cúige Uladh amárach agus beidh curaidh an chomórtais Cúige Laighean ar chuairt ar Luimneach Dé Sathairn

 

Is beag scíth a fuair cuid mhaith d’imreoirí gairmiúla rugbaí na tíre seo an Nollaig seo. Seachtain ó shin d’imir siad an chéad cheann den trí chluiche idirchúige a bhíonn á n-imirt le linn thréimhse na Nollag agus na hathbhliana agus beidh siad ag cur chun páirce arís san fhochomórtas beag seo taobh istigh den Pro 14 Dé hAoine agus Dé Sathairn seo.

Níorbh mórán d’ábhar iontais é gur éirigh leis an dá fhoireann ón tír seo atá ar ar bharr nó gar do bharr an tábla sa dá ghrúpa sa bPro 14 an lámh in uachtair a fháil ar a bhfreasúra an tseachtain seo caite. Mar sin féin bhí an t-ádh glan ar na Laighnigh, atá ar bharr Ghrúpa B, gur éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar na Connachtaigh san RDS (33 – 29) i gcluiche ina raibh naoi n-úd. Seans gur mó de mhí-ádh a bhí ar fhir na Gaillimhe gur theip orthu a gcéad bhua ó 2002 a fháil san ardchathair.

Scéal eile ar fad a bhí againn i mBéal Feirste nuair a fuair na hUltaigh bua tábhachtach, (19 -12, sa mbaile ar Chúige Mumhan.

Ach cé aige a bheas an bua i gcluichí Bhabhta 12 den Pro 14?

 

Ar an Aoine, beidh na Connachtaigh ag cur fáilte roimh Chúige Uladh. Is i mBéal Feirste ar an 5 Samhain, i mBabhta 6, a chas na foirne seo ar a chéile don chéad uair an séasúr seo, cluiche inar bhain na cuairteoirí, Cúige Chonnacht, croitheadh as an bhfoireann baile, 22-15. Bhí 58 bliain ann ó  d’éirigh leis na Connachtaigh an ceann is fearr a fháil ar na hUltaigh agus iad ag imirt i mBéal Feirste. Ciallaíonn sin go mbeidh na hUltaigh, foireann atá ag imirt i bhfad níos fearr anois, ar thóir díoltais i nGaillimh an Aoine beag seo. Dár ndóigh braitheann go leor ar na himreoirí a chuirfidh na bainisteoirí amach. Má bhíonn Rory Best agus a léitheidí ag na hUltaigh beidh cluiche iontach suimiúil againn, direach mar a chonaic muid san RDS an tseachtain seo caite. Seans nach bhfuil an doimhneacht chéanna sa scuad ag na Connachtaigh, ach mar sin féin, is iad atá sa mbaile, áit a mbíonn siad go maith go hiondúil agus iad i gcoinne na gcúigí eile. Bhí an lá leo anuraidh, 30-25, nuair a tháinig na hUltaigh chomh fada leis an mBóthar Beag. Tá mise ag súil le cluiche iontach fisiciúil agus fíochmhar eile an babhta seo.

 

Is ar fhód Naofa Thuamhan a bheas na Muimhnigh agus na Laighnigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile amárach Dé Sathairn. Chas na foirne seo ar a chéile i Staid an Aviva i mBabhta 6 den chomórtas agus bhí an lá le fir Átha Cliath, 30- 22. Ní hamháin sin ach bhí an lámh in uachtar ag Cúige Laighean ar Chúige Mumhan ar an dá ócáid ar chas siad ar a chéile an séasúr seo caite. Tá an oiread dúil sa gcluiche seo nach bhfuil fáil ar leaba i gcathair Luimnigh le fada an lá, gan trácht ar thicéad do Staid Thuamhan féin.

Gan dabht ar bith, ní imreofar cluiche rugbaí níos fearr aon áit ar domhan an Nollaig seo. Bí ag súil le cluiche ar ardchaighdeán agus ceann  a bheas fisiciúil ón tús. Is deacair toradh a thuar, ach is dóigh go bhfuil na curaidh, Cúige Laighean fós róláidir do na Muimhnigh.

Ach feicfidh muid linn – bíonn draíocht ag baint le Páirc Thuamhan.

 

Fág freagra ar 'Féasta rugbaí romhainn agus na cúigí i gcoimhlint lena chéile arís'