Tá bac curtha ag an DUP roimh pholasaí nua maidir le comharthaíocht sráide a dhéanfadh níos fusa é do dhaoine i gcathair Bhéal Feirste comharthaí sráide Gaeilge a éileamh agus a fháil.
Cuireadh ar athlá an rún faoin pholasaí nua comharthaíochta sráide a bhí le plé ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a reáchtáladh ar líne aréir.
Le déanaí vótáil Coiste Acmhainní agus Polasaí Straitéiseach na Comhairle Cathrach ar son an dréachtphlean comharthaíochta sráide nua agus bhí dóchas ann ó shin go nglacfaí leis an rún ag cruinniú míosúil na Comhairle Cathrach.
Comhairleoirí de chuid Shinn Féin, Comhaontas Glas, an SDLP agus Páirtí na Comhghuaillíochta a thacaigh leis an dréachtphlean ag céim an choiste.
Chuir an DUP in iúl roimh an chruinniú aréir go raibh sé i gceist ag an pháirtí bac a chur roimh an pholasaí agus comhairle dlí bhreise a lorg dá nglacfaí leis an rún, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar an rún agus a chuirfeadh moill trí mhí ar a laghad ar an pholasaí nua.
Dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge agus urlabhraí ón ghrúpa feachtasaíochta teanga An Dream Dearg go raibh “fearg agus frustrachas” ar lucht na Gaeilge i mBéal Feirste faoin scéal is déanaí.
Dúirt Ó Tiarnaigh go bhfuil an polasaí maidir le comharthaíocht sráide, atá i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ó 1997, “lofa agus leatromach” toisc an bac “ollmhór” a chuireann sé roimh dhaoine atá ag lorg comharthaíocht sráide Ghaeilge.
Faoin pholasaí sin, is gá achainí ó thrian de lucht cónaithe na sráide a chur faoi bhráid na Comhairle Cathrach sula gcuirfí tús leis an phróiseas. Is gá do 67% de lucht na sráide a chur in iúl don Chomhairle trí shuirbhé go dtacaíonn siad leis an éileamh sula ndéanfaí comhartha sráide Gaeilge a chur in airde. Glactar le haon suirbhé nár freagraíodh mar vóta i gcoinne an éilimh.
Faoin dréachtpholasaí nua, atá bunaithe ar mholtaí atá sa Chairt Eorpach i dtaca le teangacha mionlaithe, is féidir le duine amháin atá ina chónaí ar an tsráid achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge agus an achainí sin a dhéanamh i ríomhphost. De réir an pholasaí nua, níor ghá ach do 15% de na daoine atá ina gcónaí ar shráid tacú leis an éileamh sula gcrochfaí comhartha sráide Gaeilge.
Dúirt Ó Tiarnaigh gur “céim shuntasach agus stairiúil” a bheadh sa pholasaí nua comharthaíochta do lucht na Gaeilge sa chathair, atá “ag troid ar son a gcearta teanga le blianta fada”.
“Is ceist í seo atá á plé le fada agus is gá aitheantas a thabhairt do ghníomhaithe teanga agus do phobal na Gaeilge i gcathair Bhéal Feirste a sheas an fhód ar an cheist seo ar feadh blianta fríd chomharthaí Gaeilge a chur in airde iad féin, fríd dúshláin chúirte a thabhairt i gcoinne an tseanpholasaí agus fríd stocaireacht,” a dúirt Padaí Ó Tiarnaigh.
Dúirt Ó Tiarnaigh go leanfar leis na hiarrachtaí chun an polasaí nua comharthaíochta a chur i bhfeidhm.
Fág freagra ar '‘Fearg agus frustrachas’ ar lucht na Gaeilge faoi bhac roimh pholasaí nua maidir le comharthaíocht sráide'