Fear sna daichidí gafa agus plandaí cannabais faighte i gCorca Dhuibhne

Tugadh an fear go dtí Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí agus scaoileadh saor é tamall ina dhiaidh sin

Fear sna daichidí gafa agus plandaí cannabais faighte i gCorca Dhuibhne

Fuarthas plandaí cannabais ar fiú €4,800 iad nuair a rinne na Gardaí cuardach ar theach i Lios Póil i gCorca Dhuibhne inné.

Aonad Drugaí na nGardaí i gCiarraí, le cabhair Ghardaí an Daingin, a rinne an cuardach a tharla thart ar 6.00pm inné.

Gabhadh fear sna daichidí.

Tuairiscítear go raibh ar na Gardaí doras cúil an tí a bhriseadh nuair nár tugadh cead isteach dóibh.

Le linn an chuardaigh, fuarthas na plandaí cannabais i bpolathollán sa ghairdín cúil. Aimsíodh luibh cannabais sa teach chomh maith.

Tugadh an fear go dtí Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí agus scaoileadh saor é tamall ina dhiaidh sin.

Tá comhad á ullmhú ag na Gardaí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Fág freagra ar 'Fear sna daichidí gafa agus plandaí cannabais faighte i gCorca Dhuibhne'

  • Des O Murchu

    Ba choir do Dope Test a dheanamh!

  • Fear buile

    Cé chaoi ar luacháil siad na plandaí beaga? Dá luachálfaí fataí beaga sa gharraí, cén “luach” a bheadh orthu?