Má bhí greim daingean ag peileadóirí Átha Cliath ar Chorn Mhig Uidhir le blianta beaga anuas, bhí greim níos doichte fós ag foirne mionúir Chiarraí ar Chorn Tom Markham. Dé Domhnaigh beag seo, beidh peileadóirí óga na Ríochta ag iarraidh Craobh Mhionúir na hÉireann a thabhairt leo den chúigiú huair as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann eile riamh.
Rompu i bPáirc an Chrócaigh beidh Gaillimh agus cé gurb iad Ciarraí rogha na n-údar ó thús na bliana, is beag seans go gcuirfidh sé sin isteach ná amach ar an bhfreasúra, a bhfuil mianach ar leith léirithe acu i gcraobh na bliana seo.
Sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh chontae an Chláir, bhí Gaillimh 0-8 in aghaidh 0-3 chun deiridh ag leath ama ach tháinig siad ar ais go tréan agus d’éirigh leo an cluiche a bhuachan, 0-18 in aghaidh 0-11. Go minic, bíonn sé deacair ar imreoirí óga teacht aniar mar sin a dhéanamh ach tá an bua sin ag foireann seo na Gaillimhe dar lena mbainisteoir, Dónal Ó Fátharta.
“Seasann leath ama in aghaidh chontae an Chláir amach. Baineadh geit astu sa chéad leath ach bhí a fhios acu go raibh seansanna curtha amú acu. Labhair muid leo ach bhí a fhios acu féin céard a bhí le déanamh.
“Labhair cúpla duine acu sa seomra feistis an lá sin, leaids 16 nó 17 bliain d’aois. Tá a fhios agam go bhfuil siad óg agus deirtear go ndéantar níos mó botún ag an aois sin ach tá teacht aniar sna leaideanna seo agus tá sé sin feicthe againn le cúpla cluiche anuas.
“Tá siad an-láidir mar dhaoine agus is iontach an rud é sin. Bheadh iontas orm mura mbeadh cuid acu ag imirt do Ghaillimh amach anseo ón méid atá feicthe agamsa.”
Bhí na Connachtaigh chun deiridh arís ag leath ama sa chluiche leathcheannais in aghaidh chontae na Mí agus deir Ó Fátharta gur ó na himreoirí féin a tháinig an spreagadh chun teacht ar ais sa dara leath arís.
“Bíonn chuile chóitseálaí á iarraidh sin. I mo thuairimse, ní bhíonn an oiread sin tionchair ag bainisteoirí. Ceapann na meáin gur ag doras an bhainisteora a thiteann gach rud ach is iad na himreoirí an rud is tábhachtaí. Siadsan a thiomáineann foireann ar bith.
“Tá ceannairí againne ar an bpáirc agus d’fhéadfainn ceathrar nó cúigear a ainmniú an-sciobtha, an captaen Conor Raftery, Paul Kelly, Cathal Sweeney, Tony Gill. Na daoine sin, ní bheadh ort mórán a rá leo.
“Cinnte caithfidh tú comhairle a chur orthu, treoir a thabhairt dóibh, ach tuigeann siad céard atá le déanamh agus bíonn siad sásta é a dhéanamh. Déanann sé sin jab an bhainisteora níos éasca. Tá siad breá ábalta dul amach ar an bpáirc agus daoine eile a thabhairt leo.”
Bhí Ó Fátharta ina roghnóir ag Alan Mulholland nuair a bhuaigh Gaillimh craobh mhionúir na hÉireann go deireanach in 2007 agus cé go bhfuil athrú tagtha anseo agus ansiúd ar an gcineál ullmhúcháin a dhéanann foirne ag an leibhéal seo, is í an obair chrua chéanna atá ag teastáil i gcónaí, dar le fear an Spidéil.
“Ó thaobh nirt agus aclaíochta, tá rudaí beaga breise ann is dócha ach bhíodh muid sa giom in 2007 freisin. Tá an obair chrua agus na laethanta fada mar a chéile.”
Athrú mór amháin atá tagtha ar chúrsaí ó shin ná aois na n-imreoirí. Is imreoirí faoi-17 amháin a imríonn i ngrád na mionúr anois, rud a fhágann gur gafa le scrúduithe an Teastais Shóisearaigh seachas scrúduithe na hArdteiste a bhíonn cuid de na himreoirí anois. Tá a lorg fágtha ag an athrú ar aois na n-imreoirí ar an gcluiche féin chomh maith.
“Ó thaobh na fisiciúlachta de, b’fhéidir go bhfuil na himreoirí beagáinín níos lú. Tá leaideanna móra ag foirne ach níl an oiread sin acu. Tá a fhios agam go bhfuil Ciarraí fisiciúil agus sin buntáiste a bheidh acu Dé Domhnaigh, b’fhéidir.
“Tá sé feicthe fiú agam féin go bhfuil cuid de na himreoirí s’againne fásta le b’fhéidir sé mhí anuas.”
Is é seo an dara chluiche ceannais atá bainte amach ag foirne mionúir na Gaillimhe le trí bliana anuas agus, ar ndóigh, is é an cúigiú ceann é ag Ciarraí. Deir Ó Fátharta nach aon chomhtharlúint é sin agus go bhfuil obair mhór ar siúl le foirne faoi-aois sa dá chontae.
“Tá an t-uafás oibre déanta le blianta fada ag na cóitseálaithe faoi aois i nGaillimh. Tá go leor cóitseálaithe maithe ann agus go leor oibre déanta acu agus feiceann tú é sin anois ag leibhéal na sinsear. Is féidir titim ar gcúl ar aon nós, ach mura gcuirtear an
obair seo isteach, is cinnte go dtitfidh tú siar.
“Tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre curtha isteach ag Ciarraí chomh maith. D’athraigh siad rudaí go mór le roinnt blianta anuas agus tá a fhios agam ó bheith ag caint le daoine gur cuireadh go leor oibre isteach sna foirne seo.
“B’fhéidir ag dul siar 20 bliain ó shin, nach raibh an oiread oibre á cur isteach ag Ciarraí, go raibh siad ag brath ar an tallann a bhíonn ag leaideanna óga chun go dtiocfadh siad tríd, ach tá siad anois ag iarraidh an cúigiú craobh as a chéile a bhaint agus ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan an t-uafás oibre a bheith déanta faoi aois.”
Fág freagra ar 'Fear Chonamara ag pleanáil le stop a chur le cúig-cinn-as-a-chéile Chiarraí'