Fear as Gaeltacht na Mí tar éis bháis de thoradh timpiste ag an obair

Tá timpiste inar maraíodh fear as Gaeltacht na Mí á fhiosrú ag An Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (an HSA)

Fear as Gaeltacht na Mí tar éis bháis de thoradh timpiste ag an obair

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá fear as Gaeltacht na Mí tar éis bháis de thoradh timpiste a tharla dó agus é ag obair ar láthair thógála sa Mhuileann gCearr.

Bhain an timpiste den fhear, a bhí 43 bliain d’aois, go gairid roimh 9am maidin inné agus giarsaí á dtógáil de leoraí i bPáirc Ghnó Loch Siabhair ar Bhóthar Bhaile na gCros sa Mhuileann gCearr, san áit a mbíodh ionad ag Heiton Buckley tráth.

Bhí na Gardaí agus na seirbhísí otharchairr ar an láthair sular tugadh an fear go dtí Ospideál an Mhuilinn Chearr. Cuireadh An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (an HSA) ar an eolas faoin timpiste agus tá an cás á fhiosrú acu.

Fág freagra ar 'Fear as Gaeltacht na Mí tar éis bháis de thoradh timpiste ag an obair'