Beidh súil ag fear as croílár Chonamara a fhoireann a thabhairt amach ar cheann de na páirceanna sacair is stairiúla an domhain amárach, Dé Sathairn, nuair a thabharfaidh Accrington Stanley aghaidh ar Liverpool i gCorn FA.
Imreofar na cluichí tríú babhta sa gcomórtas cáiliúil an deireadh seachtaine seo agus Séamus Conneely, arb as Camas dó, mar chaptaen ar fhoireann Accrington Stanley a bheidh ag dul chun páirce in Anfield.
Tá Accrington ag streachailt gar de bhun Shraith 2 an EFL i láthair na huaire ach tá siad anois ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar an bhfoireann atá suite ar bharr na Príomhroinne i Sasana agus atá ar cheann de na foirne is láidre san Eoraip.
Tá Conneely ag imirt don fhoireann in iarthuaisceart Shasana, thart ar uair an chloig ó Liverpool, ó bhog sé anonn in 2015. Bhí Conneely ag imirt do Sligo Rovers roimhe sin, bhuaigh sé Príomhroinn na hÉireann leosan in 2012, agus chaith sé sealanna le Sheffield United agus le Galway United roimhe sin.
Rugadh Conneely i Londain agus bhog sé féin agus a mhuintir go Conamara, mar arb as a sheantuismitheoirí, nuair a bhí sé ina ógánach. D’fhreastail Conneely ar Choláiste Cholmcille in Indreabháin agus d’imir sé peil Ghaelach le Micheál Breathnach.
In agallamh le Off The Ball, rinne Conneely trácht ar an athrú a bhí i gceist leis an aistriú ó Londain go Camas.
“Bhog mé ó scoil 250 dalta i Londain, 32 [gasúr] i mo rang, chuig scoil le 32 san iomlán, gan ach cúigear i mo rang. Bhí orainn an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith ar ndóigh, rud a rinneamar, ach níl mo chuid Gaeilge chomh maith is a bhí mar níos úsáid mé le fada í ach tá mé fós in ann cúpla abairt a chur le chéile.”
D’fhéadfadh go mbeadh deis ag Conneely a chuid Gaeilge a chleachtadh le Gaeilgeoir eile a d’fhéadfadh a bheith ar an bpáirc in Anfield amárach, cúl báire Liverpool Caoimhín Kelleher, a d’fhreastail ar Ghaelscoil i gCorcaigh agus é óg.
Agus é ag labhairt ar shuíomh Accrington Stanley roimh an gcluiche, dúirt Conneely go mbraitheann sé gur imir sé i gcluichí níos tábhachtaí don chlub, nuair a bhuadar Sraith 2 in 2018 mar shampla, ach nach bhfuil aon amhras go gurb é cluiche an tSathairn an ócáid is mó a mbeidh sé páirteach inti.
“Bhain muid an tríú babhta agus an ceathrú bhabhta [i gCorn FA] amach roimhe seo, tá éirithe go maith linn i gCorn na Sraithe agus d’imir muid i staideanna iontacha ach is dócha go mbeidh Liverpool ar an gceann is mó fós,” a dúirt Conneely, a d’imir in aghaidh leithéidí West Ham agus Middlesbrough roimhe seo.
“Níor chreid mé ar dtús nuair a chonaic mé é,” a dúirt sé faoin tráthnóna a ndearnadh an tarraingt. “Mar a dúirt mé, bhain muid an tríú babhta agus an ceathrú bhabhta amach roimhe seo ach ní bhfuair muid an cluiche mór sin.”
Cé nach bhfuil ag éirí chomh maith sin le Accrington sa tsraith, bhuadar an dá chluiche deireanach a bhí acu, in aghaidh Grimsby Town agus Colchester, rud a thabharfaidh beagán muiníne dóibh, a dúirt Conneely.
“Níl muid ag iarraidh dul ann agus luí siar, go náireofaí muid. Tá muid ag iarraidh taispeántas maith a thabhairt agus, mar a dúirt mé, sílim gur thug an dá chluiche deireanach sin go leor misnigh dúinn.”
Beidh an cluiche idir Liverpool agus Accrington Stanley beo ar ITV ag 12.15in tráthnóna Dé Sathairn.
Fág freagra ar 'Fear as Gaeltacht Chonamara ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar Liverpool in Anfield'