Feachtas seolta ‘chun na milliúin Gael a thabhairt le chéile ar líne’

Is í seo an cúigiú bhliain den fheachtas #TrasnaNadTonnta agus iarracht á déanamh lucht labhartha na Gaeilge a spreagadh chun teachtaireachtaí i nGaeilge a sheoladh ar na meáin shóisialta

Feachtas seolta ‘chun na milliúin Gael a thabhairt le chéile ar líne’

I bPáirc an Chrócaigh inniu a sheolfar feachtas a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh i mbreis is 100 tír ar fud na cruinne le tvuít as Gaeilge a sheoladh an tseachtain seo.

Is í seo an cúigiú bhliain den fheachtas #TrasnaNadTonnta agus iarracht á déanamh lucht labhartha na Gaeilge a spreagadh chun teachtaireachtaí i nGaeilge a sheoladh ar na meáin shóisialta.

Mairfidh an feachtas, ar cuireadh tús leis in 2017, cúig lá go dtí an Aoine bheag seo.

In 2019, rinneadh tvuíteáil as 102 tír agus sroicheadh breis is sé mhilliún duine ar fud na cruinne. Tá lucht eagraithe an fheachtais ag súil go sárófar an churiarracht sin i mbliana.

Reáchtálfar sraith imeachtaí ar an ardán Zoom i rith sheachtain an fheachtais, ina measc; rang sean-nóis, ciorcail chomhrá, seisiún ióga as Gaeilge, seisiún aireachais as Gaeilge agus seisiún ceoil thraidisiúnta.

Beidh comórtas grianghraf á reáchtáil ar Twitter agus ar Instagram freisin agus duais €100 le buachaint.

Dúirt stiúrthóir an fheachtais, James Kelly “go dtugann #TrasnaNadTonnta “deis den scoth” do dhaoine timpeall an domhain teacht le chéile chun teagmháil a dhéanamh lena chéile agus le hÉirinn.

“Tá súil againn go gcabhróidh #TrasnaNadTonnta le daoine ceangal a dhéanamh lena chéile, píosa spraoi a bheith acu agus a bheith mar chuid den phobal Gaelach domhanda.”

Is é téama na bliana seo ná ‘nascacht’ nó naisc a chruthú agus deir lucht an fheachtais go bhfágann an dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht agus sa nascacht dhomhanda nach bhfuil aon bhealach níos éasca ann le cairdeas a dhéanamh le duine as Gaeilge ná ar na meáin shóisialta.

Iarrtar ar dhaoine na postálacha ar na meáin shóisialta a chlibeáil nó a tagáil ar na cuntais @Trasna21 ar Twitter agus @trasnanadtonnta ar Instagram. Is féidir freisin úsáid a bhaint as na haischlibeanna #TrasnaNadTonnta #CruthúCairdeas #NascaitheIgCónaí.

Fág freagra ar 'Feachtas seolta ‘chun na milliúin Gael a thabhairt le chéile ar líne’'

  • Christina Chen

    “Nascaithe I gCónaí”?? Yikes