Tá feachtas curtha ar bun ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Gaelscoileanna Teoranta agus Comhairle na Gaelscolaíochta chun tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir leis ‘na buntaistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge’ a roghnú dá gclann.
Dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Sinsearach Forbartha agus Polasaí le Gaelscoileanna Teo., go raibh go leor ‘míthuiscintí’ ann faoin gcóras Gaelscolaíochta. Cuirtear an chuma ar an scéal, a deir sí, nach bhfuil na scoileanna ar fáil nó ‘in oiriúint do chách’.
“Is a mhalairt ar fad atá fíor – fáiltítear roimh pháistí ó gach cúlra teanga, creidimh, cultúir agus eacnamaíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge, agus tá pobail sna scoileanna lán-Ghaeilge ag leathnú de réir mar a leathnaíonn an soláthar.
“Freastalaíonn na scoileanna lán-Ghaeilge ar na pobail ina bhfuil siad suite, agus bíonn lucht bainistíochta airdeallach gur gá fáilte ar leith a fhearadh roimh pháistí ó phobail go mb’fhéidir nach raibh baint acu leis an nGaeilge roimhe seo go traidisiúnta,” a dúirt sí.
Níl ach 8% de scoileanna na Poblachta agus 2.5% de scoileanna Thuaisceart Éireann ina scoileanna lán-Ghaeilge. Creideann Conradh na Gaeilge agus na heagrais eile go bhfuil ró-éileamh d’áiteanna sna scoileanna sin agus gurb as sin a eascraíonn éaduairimí faoin gcóras.
Fág freagra ar 'Feachtas feasachta tosaithe faoi bhuntáistí na Gaelscolaíochta'