Feachtas bailithe airgid ar bun chun ionad cuairteoirí a thógáil ar fhód dúchais Mháirtín Uí Chadhain

Tá dealbh chré-umha den Chadhnach le cur suas freisin ina bhaile dúchais ar an Spidéal i gConamara

Feachtas bailithe airgid ar bun chun ionad cuairteoirí a thógáil ar fhód dúchais Mháirtín Uí Chadhain

Tá airgead á lorg chun tionscadail a dhéanfaidh comóradh ar an scríbhneoir clúiteach Máirtín Ó Cadhain a chur i gcrích.

Tá dealbh chré-umha den Chadhnach le cur suas ina bhaile dúchais ar an Spidéal i gConamara agus tá an láthair ar an mbaile inar rugadh an scríbhneoir ceannaithe ag Iontaobhas Uí Chadhain agus é i gceist ionaid do chuairteoirí agus d’ealaíontóirí a thógáil ann.

Deir Iontaobhas Uí Chadhain, a bunaíodh i 1996 chun cúram a dhéanamh do shaothar an scríbhneora agus chun a chuimhne a chothú, go bhfuil níos mó suime á chur i saothar an Chadhnaigh le blianta beaga anuas.

“Tá athnuachan tagtha ar an spéis náisiúnta agus idirnáisiúnta sa gCadhnach le roinnt blianta,” a deir Máirtín Ó Cadhain, mac dearthár leis an gCadhnach agus rúnaí an Iontaobhais.

“Tá dhá leagan Béarla dá mhór-úrscéal Cré na Cille foilsithe, chomh maith le leaganacha de in 10 dteanga eile, chomh maith le leaganacha de chuid dá chuid gearrscéalta i dteangacha Eorpacha eile.”

Aimsíodh anuraidh taifead den Chadhnach ag léamh as Cré na CIlle in München na Gearmáine sna 1960idí agus seoladh le gairid leagan ar líne den fhoclóir Gaeilge-Béarla a chruthaigh sé.

Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe dealbh lánmhéide den Chadhnach a chur in airde ar an Airdín Buí, plásóg díreach taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil. Is é an dealbhóir Alan Ryan Hall, atá ina chónaí in Oileán Dairbhre, atá i mbun na hoibre i láthair na huaire.

Ceaptar go gcosnóidh an dealbh suas le €50,000.

Chomh maith leis an dealbh, tá an tIontaobhas tar éis an áit ar rugadh Máirtín Ó Cadhain ar an gCnocán Glas ar an Spidéal a cheannach.

“Tá fúinn fothraigh a thí a shlánú, agus láthair shlachtmhar chuartaíochta a dhéanamh de sa gcaoi go mbeidh cuairteoirí agus turasóirí in ann cuairt a thabhairt uirthi,” a dúirt Máirtín Ó Cadhain.

Tá sé beartaithe freisin ionad d’ealaíontóirí a fhorbairt ar an láthair a d’fhéadfaidís a úsáid agus iad i mbun oibre.

“Ach dóthain maoinithe a fháil, tá fúinn, sa bhfadtéarma, tearmann le haghaidh Ealaíontóirí na Gaeilge a thógáil ar an láthair bhreithe agus ionad sealadach cónaithe le haghaidh Comhaltaí chuig Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.”

Tá eolas ar conas síntiús a thabhairt don Iontaobhas ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Feachtas bailithe airgid ar bun chun ionad cuairteoirí a thógáil ar fhód dúchais Mháirtín Uí Chadhain'

  • Maire

    Tá ceantar bhóithrín an Chnocáin Ghlais go hálainn. Tá súil agam nach scriosfar é le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh laistigh de bhaile an Spidéil, mar shampla. Ba mhór an trua an fiántas a spreag Máirtín Ó Cadhain a scrios le carrchlóis/leathnú bóthair etc.

  • Brendan Keane

    Bain marmar dúchasach mar ábhar don dealbh a thabharfaidh ómós d’fhear chré Chonamara.

  • Cualáin

    Ní theastaíonn an Cnocán Ghlas a scriosadh le carrchlós