Feachtas an achta Ghaeilge – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Ag am seo na gciorruithe má tá airgead ar fáil, nach bhfuil tosaíochtaí eile ag lucht na Gaeilge?

Feachtas an achta Ghaeilge – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Thart fá 40 bliain ó shin thosaigh BBC Raidió Uladh ag craoladh irischláir i nGaeilge: 15 bhomaite gach tráthnóna, cúig lá sa tseachtain, agus ollchlár ar an Domhnach. Go dtí sin ní raibh focal Gaeilge ar bith le cluinstin ar an BBC. Bhí cara agam ag an am a chuir spéis mhór sa Ghaeilge.  As an traidisiún Protastúnach Aontachtach ab ea é. Is ministéir Baisteach é anois leoga. Dúirt sé liom, ‘Tá mé ag cur an ábhair seo ar téip. Ní mhairfidh an tionscnamh’. Ach mhair sé. Anois bíonn clár 30 bomaite ann gach tráthnóna agus clár ceoil ar an Satharn. Chomh maith leis sin cuirtear cláir raidió agus áiseanna idirlín ar fáil do scoileanna. Maítear go gcluintear níos mó Gaeilge ar Raidió Uladh anois ná mar a chluintear ar RTÉ Radió 1.

Craoltar cláir teilifíse d’ardchaighdeán, cláir faisnéise go háirithe, freisin. Tá sraith ghairid le feiceáil faoi láthair ar BBC2, Daltaí an Chaisleáin, scéal na meánscoile Gaeilge i nDún Geimhin a osclaíodh dhá bhliain ó shin le ceathrar déag ar an rolla. Tá 48 dalta sa scoil anois. Tá an tÚdarás Oideachasúil fial flaithiúil maidir le líon múinteoirí i bhfoireann na scoile. Athchóiríodh an foirgneamh ar chostas ard.

Agus muidne ag trácht ar Ghaeloideachas, tá fás agus forbairt ar an chóras sna Sé Chontae le blianta beaga anuas. Tá 43 naíscoil ann. Tá  35 bunscoil ann. Tá dhá mheánscoil ann agus ceithre shruth taobh istigh de mheánscoileanna Béarla ina gcuirtear thart fá leath den amchlár ar fáil do na daltaí trí mheán na Gaeilge. Cuireann an Bord Oideachais agus An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnaithe ábhar den scoth ar fáil do scoileanna. Foilsíonn an tÁisionad, cuid de Roinn na Gaeilge Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste, téacsleabhair scoile a bheadh deacair a shárú. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ann le tacú le forbairt an Ghaeloideachais.

Ní hé go bhfeicim mil ar chuiseogach i ngach áit ná go mbíonn gach gloine leathlán agam. Níl an córas gan locht. Tá claonadh ann go fóill. Cúpla bliain ó shin, rinne an tAire Pobal iarracht deontais Ghaeltachta a bhaint de dhaltaí scoile faoi mhíbhuntáiste. Bhí ar Choláiste Feirste feachtas a dhéanamh le bus scoile a choinneáil. Tá foirgnimh nua de dhíth ar a lán scoileanna Gaeilge. Tá samplaí eile ann, dar ndóigh, ach níl cúrsaí chomh dona is a bhí siad, abair daichead bliain ó shin.

Rinne 309 dalta ‘A’ Leibhéal (Ardteistiméireacht) Gaeilge sa scoilbhliain 2012/ 2013. Is léir go bhfuil líon na gcainteoirí maithe íseal fós. (Rinne 550 Fraincis agus rinne 513 Spáinnis sa bhliain chéanna.) Cá mhéad duine ar fad a bheadh ábalta páirt a ghlacadh i gcás cúirte i nGaeilge, mar shampla? D’imeacht mar sin bheadh breitheamh líofa, dlíodóirí líofa agus teangairí de dhíth. Bheadh an costas an-ard. Ach seo ceann de na héilimh atá ag na daoine atá ag dul ar feachtas fá choinne Acht na Gaeilge.

Bhí MLA ag rá an tseachtain seo caite go raibh Acht de dhíth le daoine a stopadh ó bheith ag scriosadh logainmneacha Gaeilge ar chomharthaí bóthair. Ach ní stopann aon reachtaíocht na daoine a scriosann ‘London’ ó na comharthaí  ‘Londonderry’ sa cheantar seo. An bhfuil feachtas eile de dhíth, mar sin?

Déantar éileamh ar Choimisinéir Teanga. D’éirigh an Coimisinéir sa Deisceart, Seán Ó Cuirreáin as a phost, agus é dubh dóite agus sáraithe. Rinneadh neamhiontas dá mholtaí.

Tá fírinne stairiúil ag feachtasóirí Dearg le Fearg. Bhí an Ghaeilge in áit na leathphingine ar feadh blianta. Tá polaiteoirí ann atá beag beann ar an Ghaeilge. Cluinimid óráidí maslacha, aineolacha. Ach is féidir linn iad a scaoileadh thart go tarcaisneach. An gcreideann duine ar bith ach Gregory Campbell é féin go raibh Gregory Campbell greannmhar, cuir i gcás, nuair a dúirt sé ’Curry my yoghurt’ fá choinne ’Go raibh maith agat’ sa Tionól? Má bhíonn clúmhilleadh i gceist, tá cosaint ag an Ghaeilgeoir faoi reachtaíocht reatha sa Bhreatain agus san Eoraip. 

Thug an baghcat a lán poiblíochta don Ghaeilge gan amhras, ach chruthaigh sé naimhdeas i measc na cosmhuintire. Tá an córas oideachais, an córas sláinte agus seirbhísí poiblí eile ag fulaingt toisc nach bhfuil Tionól ann. Tá na daoine atá ag brath ar liúntais stáit agus daoine atá tinn thíos leis go mór. Is gá Acht na Gaeilge agus constaicí eile a phlé taobh istigh den Tionól. Cuirtear ceist anois, ’An bhfuil Tionól de dhíth?’. Ní chreidim go réitíonn an pholaitíocht agus an teanga le chéile, ach caithfidh mé a rá go drogallach go ndearna polaiteoirí áirithe sárobair ar son na Gaeilge i Stormont.

Ag am seo na gciorruithe má tá airgead ar fáil, nach bhfuil tosaíochtaí eile ag lucht na Gaeilge? An gcuirfeadh Acht na Gaeilge ardú ar bith ar líon na gcainteoirí Gaeilge? Nach tosaíocht é sin? Smaoiním ar Néaró agus an Róimh trí thine. Agus mé ag smaoineamh ar thinte, smaoiním freisin ar ‘smokescreen’ agus ar an Scéim Dreasachta do Theas In-athnuaite, ’Cash for Ash’. An dallamullóg an t-achrann seo faoi acht Gaeilge le fadhbanna eile a sheachaint?       

Fág freagra ar 'Feachtas an achta Ghaeilge – an fiú an tairbhe an trioblóid?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An tseachtain seo caite bhí mé mar abhcóide i gcás ‘Gaeilge’ a sheas dhá lá sa Chúirt Chuarda i Leitir Ceanainn. Bhí ‘breitheamh [le Gaeilge] líofa, dlíodóirí líofa agus teangair[e]’ . Is é an t-ateangaire an t-aon chostas breise agus é ina shuí in aice na ndaoine nár thuig an Ghaeilge ag aistriú go gairmiúil agus go snasta dóibh gan cur isteach ar éisteacht na cúise. Ba í an tSeirbhís Chúirteanna a d’íoc as an ateangaire. Faraor, ní mórán a íoctar leis an ngairm uasal sin sa tír seo.
    Is iriseoireacht leisciúil a shamhlaíonn costas ard le Gaeilge i gcónaí. Coimeádann a leithéid seo leibhéal an dioscúrsa ar chúrsaí Gaeilge an-íseal.

  • Liam Mac Lochlainn

    Cuireann an freagra maslach mímhúinte seo díomá orm. Ní théann an ‘argumentum ad hominem’- argóint in éadan an duine- i bhfeidhm orm. Nach léir go mbeadh costaisaí cúirte níos airde in áiteanna eile ná mar atá siad i Leitir Ceanainn, baile ar imeall na Gaeltachta ina bhfuil a lán cainteoirí dúchais ar fáil?

  • Seán Mac Cearáin

    A Dháithí
    An ceart ar fad ag Liam.Scríobh mé fhéin alt sa pháipéar seo tamall ó shin inár dhúirt mé go bhfuil claonadh ag Gaeil an Tuaiscirt bheith ag déanamh aibhéile fá chúrsaí Gaeilge nuair a fhóireann sé dóibh.Deir Comhairle na Gaelscolaíochta an méid seo fá chúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge”Currently there is a total of 92 schools providing Irish-medium Education to over 6,000 children at pre-school, primary and post primary level”(Níl an t-eolas seo ar fáil i nGhaeilge sa leagan Gaeilge dá suíomh idirlín) .Tá an ráiteas seo fíor ach coimeádach leis an fhírinne níl ach céatadán fíor bheag acu seo ag fáil oideachas iomlán trí mheán na Gaeilge.
    Tá sé doiligh múinteiorí a fháil san am i láthair a bhfuil ard caighdeán Gaeilge acu dul i mbun oibre sna Gaelscoileanna,beidh sé nios deacra arís múinteoirí a fháil a bhfuil réimse leathan abhar acu agus iad in inmhe sin a theagasc trí mheán na Gaeilge.Níl tú ag déanamh comparáide “úlla le húlla” mar a deir an Béarla,ní thig leat Leitir Ceanainn a chur i gcomparáid le Baile Manach!!!!.

    Níl an iriseoireact leisciúil ach réalach.Tá deachreactaí móra ag baint le hathbheochaint na Gaeilge sa tír seo ach in áit a bheith i dtolamh ag cur locht ar cibé rialtais atá i gceannas ba chóir dúinn amharc leis na fadhbanna seo a réiteach.Sampla amháin, caidé is fiú bheith ag maoímh as an chóras Gaelscolaíochta mar nach raibh aon fhadhbanna ann?.An fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil lear mór daoine ann a chuaigh fríd an chóras gan mórán Gaeilge acu ina dhiaidh agus lear eile nach féidir comhrá a choinneáil a ghabháil bliain nó dhó i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil!!!.Ní chuineann tú a dháth fá seo ó Chomhairle na Gaelscolaíochta.Is é an t-idéalachas agus an pholaitíocht a rinne a scrios is mó ar an Ghaeilge thar na blianta,amharc an prácás a rinne Sinn Féin agus díograsóiri idéalacha ar an ghaeilge i gCathair Dhoire go háirithe sa Ghaelscolaíocht