Faoiseamh áirithe don DUP sa phobalbhreith is déanaí

Faoiseamh don DUP ab ea an laghdú ar an mbearna idir iad féin agus Sinn Féin ach bhí údar imní acu san 7% a thacaíonn leis an TUV

Faoiseamh áirithe don DUP sa phobalbhreith is déanaí

Cuireadh cor nua i scéal an DUP agus a bhaghcat ar Stormont an tseachtain seo. Bhí idir pholaiteoirí agus lucht anailíse á thuar go bhfillfeadh an DUP ar Stormont sna míonna i ndiaidh na dtoghchán áitiúil a bheidh ar siúl i gceann coicíse.

Am éigin sa bhfómhar a bhí luaite mar spriocdháta, daoine den bharúil gurb é mian Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, na hinstitiúidí a athbhunú. Ceapadh go ndéanfadh sé sin taobh istigh de leathbhliain ar a mhéid ach féirín mar thaca le Creat Windsor a bheith aige ó rialtas na Breataine chun cuma na maitheasa a chur ar a athrú polasaí.

Bheadh ráithe nó mar sin ag an gceannaire agus a lucht tacaíochta chun a chur ina luí ar easaontóirí i measc na n-ionadaithe agus ar a lucht leanúna nár chúlú é an cinneadh filleadh ar Stormont; ní bheadh sé éasca ach bheadh sé in ann a rá go raibh imní ar an bpobal ó tá na seirbhísí poiblí ina bpraiseach.

An léiríonn pobalbhreith Lucid Talk don Belfast Telegraph áfach nach iad an costas maireachtála ná an drochbhail ar sheirbhísí poiblí atá ag dó na geirbe ag vótóirí aontachtacha? De réir an tsuirbhé a rinneadh idir 21 agus 24 Aibreán bhí an DUP sa dara háit arís taobh thiar de Shinn Féin agus bhí méadú ar líon na n-aontachtach a deir nár cheart Stormont a athnuachan mura gcuirtear an prótacal ar ceal, fiú má chuireann sé sin deireadh ar fad leis an rialtas díláraithe.

Fuair Jeffrey Donaldson dea-bhlas ar na torthaí, é ag baint leas astu chun vótóirí a ghríosú. ‘Tá an bhearna á cúngú againn agus an tacaíocht dár bhfeachtas in aghaidh an prótacail á neartú,’ ar sé in tvuít.

Bhain an tagairt do chúngú na bearna le farasbarr 8% Shinn Féin ar an DUP i dtoghchán an Tionóil anuraidh a bheith laghdaithe go 4%. Thacaigh 25% leis an DUP sa phobalbhreith agus 29% le Sinn Féin – toradh a thabharfadh seans maith do Shinn Féin an ceann is fearr a fháil ar an DUP, an líon is mó comhairleoirí a bheith acu mar atá leagtha amach mar aidhm ag Michelle O’Neill.

Ar an chéad amharc is dea-scéala do Jeffrey Donaldson é go bhfuil ochtar as gach deichniúr de vótóirí an DUP ag rá leis gan filleadh ar roinnt na cumhachta mura gcuirfear an prótacal ar ceal scun scan.

B’in é a theastaigh ó 79% acu fiú dá gcuirfeadh sé deireadh le Stormont; méadú mór ab ea é sin ó 52% sa phobalbhreith dhá mhí ó shin. Ar an iomlán, bhí 62% d’aontachtaithe in éadan filleadh ar Stormont mura scriosfaí an prótacal/creat Windsor, méadú ó 56%; ina measc bhí 94% den TUV agus 16% den UUP.

Faoiseamh don DUP ab ea an laghdú ar an mbearna idir iad féin agus Sinn Féin ach bhí údar imní acu san 7% a thacaíonn leis an TUV. Tá ceannaire an pháirtí sin, Jim Allister ag agairt ar aontachtaithe tacú le TUV chun a chinntiú go gcoinneofar an brú ar an DUP fanacht glan ar Stormont mura gcuirfear deireadh go deo leis an bprótacal/creat Windsor. Leagann an DUP an-bhéim ar an gcontúirt, dar leo, a bhaineann le scoilteadh na vótaí aontachtacha agus is dua is domlas dóibh nach bhfuil aon ghreim bainte acu as tacaíocht Allister.

Má éiríonn leis an TUV i gceann coicíse cur leis an ochtar comhairleoirí a bhí acu nó fiú má choinníonn siad an t-ochtar, cuirfidh Allister brú fíochmhar ar an DUP a bheith neamhghéilliúil.

Tá cainteanna príobháideacha, rúnda go deimhin, ar siúl idir an DUP agus rialtas na Breataine faoi láthair. Dhiúltaigh an Státrúnaí Heaton-Harris eolas faoin bplé a roinnt leis na páirtithe eile ach meastar go bhfuil reachtaíocht chun an tAontas Ríoga ‘a shlánú’ agus maoiniú nua do Stormont faoi chaibidil.

Má dhéanann Donaldson margadh le rialtas na Breataine caithfidh sé a bheith seiftiúil chun a dhul i ngleic le TUV atá chomh láidir is a bhí anuraidh agus lena chuid vótóirí féin a bhfuil a seasamh níos crua ná mar a bhí. Ní ribín réidh a bheidh ann an baghcat a scor gan trácht ar chumhacht a roinnt le Sinn Féin agus Michelle O’Neill mar Chéad-Aire.

Fág freagra ar 'Faoiseamh áirithe don DUP sa phobalbhreith is déanaí'