Faoi dhianghlasáil le Willy Mason, The Bloody Chamber agus Jiggy breá Gaelach

AN CULTÚR FAOIN gCUIBHRIÚ: Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

Faoi dhianghlasáil le Willy Mason, The Bloody Chamber agus Jiggy breá Gaelach

Dhiúltaigh mé scun scan don smaoineamh nuair a chéad tugadh cuireadh dom scríobh faoi na rudaí a thugann sólás dom. Sólás: an focal deireanach a ritheann liom agus an saol mar atá anois. Crá, leadrán, uaigneas, imní – d’fhéadfainn aiste a scríobh orthu sin gan stró, mise á rá leat. 

Ach smaoinigh mé arís. Creidim go daingean i luach an chultúir agus na n-ealaíon, agus is beag deis níos fearr ná seo leis an luach sin a thástáil. Duine mé a ghéilleann don mhoilleadóireacht go minic agus ar nós cuid mhór millennials, tá mo ghuthán mar a bheadh ball beatha ann.

Ach tá a fhios agam chomh maith an sásamh agus an faoiseamh atá le fáil i gcruthaitheacht an duine. 

Mar sin, le seachtain anuas tá mé théis cromadh ar rudaí á bhí á seachaint agam i bhfabhar cliceáil shíoraí ar Youtube agus Twitter, agus seo daoibh cúpla rud a thóg mo chroí idir taomanna imní agus cantail:

1. Where The Humans Eat le Willy Mason

An maith leat Marmite? Sin an tsamhail is fearr a ritheann liom maidir le ceol Willy. Thosaigh mé ag éisteacht leis an bhoc seo sa chéad bhliain san ollscoil agus mé i mo chónaí i bpluais bhrocach i Raghnallach. Thig le caidreamh fada le ceoltóir nó albam do dhearcadh faoin stair agus faoin todhchaí a athrú agus meabhraíonn céad albam Willy gur iomaí cor a chuir mé díom cheana i gcuideachta na ndea-leabhar agus na n-albam iontach.

 

2. Translate le Jiggy 

Físeán cliste dá gcuid a spreag mé dul ar ais chuig Jiggy le déanaí agus is mé atá sásta gur spreag. Tá siad diamhair, tá siad bríomhar, tá siad spreagúil agus tá siad Gaelach, bail ó Dhia orthu. Má tá do sháith agat den nuacht dhuairc, múch an raidió, las an t-albam seo agus tosaigh le ‘Headrush’ chun an cian a thógáil díot féin.

 

3. Saothar Marilynne Robinson

Daoine maithe nach n-éiríonn leo an rud ceart a dhéanamh. Daoine leonta. Daoine casta. Daoine. Ní shéanann Marilynne Robinson go bhfuil an saol seo damanta casta, gur beag duine againn atá gan smál, go gcaitear dea-rúin i dtraipisí agus go loiceann muid ar a chéile. Ach éiríonn léi an saol seo a chíoradh ar bhealach stuama, calma, gan breithiúnas. Tá daonnacht agus spioradáltacht ag croí a saothair a spreagann grá agus comhbhá i gcroí an léitheora. Fágfaidh leabhair Robinson a lorg ort.

 

4. The Bloody Chamber le Angela Carter

Ach uaireanta ní hí an fhírinne chasta chiotach a theastaíonn uait i leabhar, ach éalú ó shrianta an choirp agus na beatha. Leabhar fiáin, samhlaíoch é seo a chuireann gruaig mo sciatháin ina colgsheasamh le pléisiúr céadfach agus alltacht intinne. Tá sé dorcha, macnasach, greannmhar agus kinky.

 

5. Servant of the People

Ceann de na forbairtí is tábhachtaí in éabhlóid an ghrinn mar sheánra teilifíse le tamall anuas ná nach bhfuil an forlámhas ar fad ag Béarlóirí bána níos mó. Sampla neamhghnách de seo ná Servant of the People, clár grinn ón Úcráin. Baineann SOTP le múinteoir a thoghtar ina Uachtarán théis dó racht a scaoileadh faoi chaimiléireacht an rialtais. Greann séimh faoi phréachán i measc na bpéacóg atá i gceist leis an chlár den chuid is mó, ach is deas an léargas a fhaightear ar chultúr agus tírdhreach na hÚcráine fosta. Creid é nó ná creid, toghadh an príomhaisteoir, Volodymyr Zelensky, ina Uachtarán san fhíorshaol i ndiaidh rath an chláir! 

Fág freagra ar 'Faoi dhianghlasáil le Willy Mason, The Bloody Chamber agus Jiggy breá Gaelach'