Faobhar breise ar an imirt agus foirne i mbaol cheana féin 

Agus córas nua le tabhairt isteach an bhliain seo chugainn, tá brú cheana féin ar na foirne a chaill a gcéad chluiche sraithe

Faobhar breise ar an imirt agus foirne i mbaol cheana féin 

Is dócha go bhféadfá a rá go raibh torthaí an deireadh seachtaine seo caite sa phríomhroinn iomána gar go leor do na torthaí a bhí á dtuar sna meáin.

Agus gan dabht beidh faobhar breise ar an imirt sna cluichí i mbliana toisc an córas nua a bheidh againn in 2025. Ag an bpointe seo is deacair a thuiscint cad a dhéanfaidh an córas nua seo d’fhorbairt na hiomána.

Is beag seans a bheidh ag aon fhoireann taobh amuigh de na seacht bhfoireann a bheidh sa phríomhroinn an bhliain seo chugainn craobh na hÉireann a bhuachaint, ach is dócha gur díospóireacht é sin do lá éigin eile.

Tá brú cheana féin ar na foirne a chaill a gcéad chluiche. Bheinn den tuairim ag an bpointe seo gur beag seans atá ag Aontroim, an Iarmhí agus Uíbh Fhailí fanacht sa chéad roinn agus go bhfuil Áth Cliath agus Corcaigh faoi bhrú. Ach is dócha i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine go mbeidh insint eile ar an scéal againn.

Um thráthnóna téann Uíbh Fhailí chuig Páirc Chadwick i Loch Garman. Tá móiminteam faoi na Carmannaigh, corn an Bhreathnaigh buaite acu coicíos ó shin agus comhscór acu le Cill Chainnigh an Domhnach seo caite. Má chailleann Uíbh Fhailí inniu tá sé beagnach cinnte gurb é an dícháiliú atá i ndán dóibh. Pas beag luath agus géar? a deir tú.

Sa chluiche eile in 1A anocht bheinn ag súil le slua an-mhór i SuperValu Páirc Uí Chaoimh nó ‘De Park’, mar ab fhearr aithne uirthi, nuair a thagann Cill Chainnigh ar cuairt. Beidh an-tábhacht leis an toradh don dá chontae. Caithfidh go raibh díomá sa dá champa i ndiaidh a dtaispeántas sna cluichí deireanacha.

Níor scóráil na Cait ach seacht gcúilín ón imirt ina gcluiche i gcoinne Loch Garman agus theip orthu in ainneoin farasbarr trí chúilín a bheith acu agus an t-am beagnach thart. Maidir le Corcaigh, chuir siad tús lag go maith leis an dá leath agus bhí an iomad le déanamh acu nuair a tháinig an díocas chun oibre orthu. Caithfidh siad a bheith go maith don chuid is mó den seachtó nóiméad anocht. Tá cuid mhaith den chaint dhiúltach tosaithe cheana féin sa chontae. Feicfimid conas mar a bheidh acu anocht.

Beidh an Clár, a bhí réasúnta maith i gcoinne Chorcaí, in aghaidh Phort Láirge amárach. Beidh níos mó eolais ag na Déise faoi cá seasann siad i ndiaidh an chluiche sin. Bhí na Cláirínigh gan Tony Kelly, Shane O’Donnell agus John Conlan an tseachtain seo ach ní fhéadfá a rá gur bhraitheadar uathu an triúr laochra.

Comhartha maith dóibh.

Ó thuaidh i mBéal Feirste beidh ar Áth Cliath a bheith níos fearr ná mar a bhíodar i gcoinne Thiobraid Árann. Dar ndóigh, is laige iad gan Eoghan O’Donnell, Dónal Burke, Danny Sutcliffe, Cian Boland agus an Corcaíoch, Chris O’Leary. Bunaithe ar an léasadh a fuair Aontroim ó Luimneach, bheinn ag ceapadh go mbeidh foireann na hardchathrach  ag teacht abhaile leis an dá phointe tábhachtach.

I Staid FBD Semple bheinn ag súil le coimhlint ghéar dhian idir an fhoireann baile agus an Ghaillimh. Bhí na Tiobraid Árannaigh gan Jason Forde, Cathal Barrett, Michael Breen, Dan McCormack and Noel McGrath sa chluiche deireanach ach fós bhíodar maith go leor. Chaill an Ghaillimh cluiche ceannais Corn an Bhreathnaigh coicíos ó shin ach bhíodar i bhfad níos fearr an Domhnach seo caite i gcoinne contae níos laige. Tuilleadh fianaise ag teastáil fúthu.

Sa chluiche deireanach rachaidh Luimneach go dtí an Muileann gCearr. Chuir curaidh na hÉireann 1-36 ar chlár na scór i gcoinne Aontroma seachtain ó shin agus gan acu ach ceathrar a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann. Ghéill an Iarmhí 4-31 i gcoinne na Gaillimhe an deireadh seachtaine céanna.

Is dócha nach gá mórán eile a scríobh.

Fág freagra ar 'Faobhar breise ar an imirt agus foirne i mbaol cheana féin '