Tá leathanach nua atá dírithe go hiomlán ar an Ultais agus cúrsaí Ultaise seolta ag an BBC.
Bailítear le chéile ar an leathanach nua an t-ábhar ar fad a bhíonn ag an BBC faoin Ultais, idir fhíseáin, chláir raidió, chláir theilifíse agus ghailearaithe pictiúr ó imeachtaí Ultaise.
Ar an ábhar eile atá ar an leathanach nua de chuid BBC Thuaisceart Éireann, tá leagan beochana den dán ‘Up In the Morning Early’ le Robert Burns agus scrúduithe beaga idirghníomhacha lenar féidir le duine tástáil a chur ar a chumas Ultaise.
Tá leathanach Gaeilge ag an BBC cheana.
We’ve launched a new home for our Ulster-Scots content across radio, tv and online. https://t.co/ROk3sU6ZWA pic.twitter.com/Vnt6DbrqjJ
— BBC Northern Ireland (@BBCnireland) 25 Eanáir 2018
Éamonn Ó Gribín
Cad mar gheall ar an nasc chuig leathanach Béarla an BBC?
Nach bhfuil leathanach Béarla Ag an BBC cheana freisin?