Fáilte romhaibh chuig Circus Maximus Paulo Sorrentino…

Má tá giúiré na gcriticí in adharca a chéile faoi Youth, níl ár léirmheastóir sásta géilleadh do ‘na suaracháin’

youth-mv-4

‘Youth’, le Paulo Sorrentino

Ar an mbogshodar thángadar, Caine agus Keitel, mór réaltaí Hollywood, díreach mar a bhrostaigh Seán Penn agus Harry Dean Stanton rompu i dtreo This Must Be The Place (2011), scannán ‘Éireannach’ Paulo Sorrentino. 

Ní ina n-aonar a thángadar, Caine agus Keitel. Tá Paloma Faith ann, agus Jane Fonda. Doppelganger Maradona agus ‘Miss Universe’. Gan trácht ar Paul Dano agus Rachel Weisz. Cá háit? Ar seit Sorrentino – Óstán Sé Réaltaí, is cosúil, spá sláinte na hollmhaitheasa ar shleasaibh grianmhara Alpa na hEilbhéise. Eallach ‘Milka’, nó a ngaolta buaibh, ag saor-iníor ar na lantáin máguaird. 

Tá fáilte romhaibh chuig Circus Maximus Paulo Sorrentino.

Creidim go bhfuil míniú simplí ar an bhfudar seo uile. ‘Sé Sorrentino an stiúrthóir scannán is mó amuigh a bhfuil stíl ag baint lena shaothar agus dá bharr bíonn ríogacht Hollywood ina dhiaidh le teann díograis aon uair a théann an focal amach go bhfuil scannán á dhéanamh aige i mBéarla.

San idirlinn, idir sauna, seomra gaile agus tobán te an tsómais, tá Fred Ballinger (Caine), Iar-Stiúrthóir Cheolfhoireann Shiansach na Veinéise, ag teacht isteach ina shláinte arís. Tugann a iníon Lena, a chúntóir pearsanta, (Rachel Weisz) cúram leanúnach dó. Í de shíor ag iarraidh teacht timpeall ar an táimhe a fhágann ar lagmhisneach é.

Lena: ‘The French are asking again about a biography.’

Is cuma sa frig le Fred. Agus níl Fred sásta, ar ór ná ar Ridireacht, ‘Simple Songs’ dá chuid a stiúradh don bPrionsa Philip ar ordú na Banríona. Eiteachas a chuireann gaidhrín uchta Bhanríon na Breataine (Alex McQueen) ón doras go maolchluasach. An t-eireaball, pleist gan chor, ina ghabhal aige. Is léir go bhfuil a ghairmré ina mhisidear d’Eibhlís II sna smionagair, an fear bocht.

Sin Rítheaghlach na Breataine duit. 

Ar thaobh eile thobán te an spá tá Fred is a chara saoil Mick – seanleaideanna beirt ag tarraingt ar an gceithre scór. 

Fred:  ‘ Did you take a piss today?’
Mick: ‘Three or four drops. And you?’
Fred: ‘The same… more or less.’
Mick: ‘More, or less?’
Fred: ‘Less.’

Statler agus Waldorf ciaptha ag na próstataigh?

youth-mv-2

Ní hea, mhuis, ach cumadóir ar scor a bhfuil moladh mór ar a chuid ceoil, agus stiúrthóir scannán tráite ag iarraidh an teacht aniar mór deireanach a chur le chéile.

Tá mac Mick pósta le Lena thuasluaite, iníon Fred. Scriostar Lena nuair a landálann a fear chéile fánach leis an ‘striapach’ Paloma Faith ina chosamar.

Paloma: ‘I’m not a whore. I’m Paloma Faith, a pop singer’.

Tá Lena bocht curtha go mór as a riocht.

Lena: ‘Why her? ‘Why her?, WHY? TELL ME, WHY, WHY, WHY??? (lena h-athair Fred)
Fred: (go drogallach, ar deireadh) – ‘He said she was good in bed.’
Lena: ‘You didn’t need to tell me that, Dad.’

Ar an spá seo freisin tá Jimmy Tree (Paul Dano), macalla James Dean – aisteoir óg sciúrtha ag an gcáil nár thuill sé. Á ullmhú féin do pháirt ó stair chomhaimseartha na hEorpa. Is fiú go mór an nochtadh an fanacht air!

Anois tá Rory Salano (doppelganger Maradona) ag iarraidh na puint meáchain a chailliúint. Cé a phriompeálann Isteach sa chró sorcais ar ball ach Miss Universe, (Madalina Diana Ghenea), preabaire mná óige. Agus an bhitseach ifreanda Brenda Morel (Jane Fonda). Tá Brenda chun an drochscéal, le hús, a thabhairt do Mick faoina thogra scannáin gan mhaith.   

Anois tá Fred agus Mick ag priosláil i ndiaidh Miss Universe. Giobóg í ‘gan náire’, a landálann, lomnocht ó bhaithis go crúb, sa tobán te poiblí lasmuigh lá gréine leo. Tá, is cosúil, breithlá na beirte seanleaid tagtha in éineacht.

Iad fós fá gheasa an ruda, deirtear liom, ar a dtugtar ‘Féachaint an Fhir Dhúilmhear’ i Litríocht Shocheolaíoch na Linne. Féach air sin anois!

Mick: (don bhfreastalaí a bhriseann idil na beirte drúiseoir sa tobán – ‘Can’t you see we’re just enjoying the last great idyll of our lives’?

Is léir go bhfuil.

Bhfuil Paulo Sorrentino imithe le scód ar an drabhlás? Níl, muis. Ní ábhar cúthail dó an corp daonna, bíodh sin óg nó aosta, sin an méid. Bulaí fir.

Fítear ball iomlán éadaigh sa deireadh as téada na gcarachtar díchosúla seo, agus as dlúth na n-eachtraí neamhleanúnacha a thiteann amach timpeall orthu. 

Cad is Youth ann, ar deireadh, mar sin? Dá áille ailtireacht anama fhoirmeálta Beauty (2013), tá Youth ag cur thar bruach le hIodálachas croíúil, mothálach, tuisceanach, maiteach.

Seáp ar fad eile is ea é seo i measc mhórmhistéir laethúla na beatha. Fiosrú faoin mbás is faoin mbeatha. Faoin gcailliúint is faoin gcathú. Faoin gcuimhneamh agus faoin ndíchuimhne. Faoin gcríne is faoi áilleacht na hóige.

An focal scoir uaim? Siansa is ea Youth. Ceiliúradh ar áilleacht naofa easnamhach an duine.

Má tá giúiré na gcriticí in adharca a chéile faoi Youth, ní thagaim leis na suaracháin. Tá an fear seo leanta agam ón tús – The Consequences of Love (2004), The Family Friend (2006), agus Il Divo (2008).

Seasaim gualainn má gualainn le Youth. Lánstad. Cé eile ach Sorrentino a bhainfeadh súp agus ciall agus eagna agus greann agus cruth agus ealaíon agus díchéille as sorcas osréadúil Youth?

Maestro óg na linne is ea é.  Gach fráma dá chuid, geall leis, ina Rembrandt.

Cé háit eile ina dhiaidh sin dó, mar a fhiafraíonn siad sa tsean-Ghaolainn? Anois nó riamh, tabhair dom é, gan trócaire!

Blaisíní