Fáilte curtha roimh Bhille a d’athbhunódh toghcháin Údarás na Gaeltachta

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil gá le córas daonlathach chun go mbeadh ‘deis ag pobal na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord an Údaráis’

Fáilte curtha roimh Bhille a d’athbhunódh toghcháin Údarás na Gaeltachta

Tá fáilte curtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige roimh Bhille a bhfuil faoi thoghcháin Údarás na Gaeltachta a bhunú athuair.

Tá an Bille á chur faoi bhráid na Dála ag triúr Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil – Éamon Ó Cuív, Pat the Cope Ó Gallchóir agus Aindrias Ó Muineachán.

Mí na Samhna seo caite rinne Cumann Forbartha Chois Fharraige gearán le ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin faoin scéala gur ceapadh comhairleoir de chuid an pháirtí sin nach bhfuil cónaí air sa Ghaeltacht mar ionadaí ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, a bhí ar siúl i dTrá Lí i mí Feabhra na bliana seo, dúirt ceannaire Fhianna Fáil go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh leis na toghcháin do bhord an Údaráis.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí eile.

I ráiteas a d’eisigh siad inniu, dúirt Cumann Forbartha Chois Fharraige go raibh achainí déanta acu ar cheannairí agus urlabhraithe Gaeltachta gach páirtí sa Dáil go dtabharfaí isteach athuair “córas daonlathach le go mbeadh deis ag pobal na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar Bhord an Údaráis”  ach nach bhfuarthas freagra ar an achainí sin ach amháin ó Fhianna Fáil.

Moltar sa Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2018 atá á chur faoi bhráid na Dála ag Fianna Fáil go mbeadh cathaoirleach agus 14 comhalta ar Bhord an Údaráis agus gurb iad pobal na Gaeltachta a thoghfadh 11 de na comhaltaí sin.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh súil aige tacaíocht a fháil don Bhille ó pháirtithe éagsúla sa Dáil.

Tá Fianna Fáil ag súil go háirithe go dtacóidh Sinn Féin leis an mBille.

Chuir triúr Seanadóirí de chuid Shinn Féin bille os comhair an tSeanaid anuraidh inar moladh leasú a chur ar Acht na Gaeltachta 2012 le cead vótála a thabhairt do phobal na Gaeltachta i dtoghcháin don Údarás.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha roimh Bhille a d’athbhunódh toghcháin Údarás na Gaeltachta'

  • Tuairisg

    Toghcháin? Bhfuil siad i ndáiríre ag ceapadh go dtiocfaidh an taithi agus an saineolas a theastaíonn ar Bhord an Údaráis faoi chúrsaí teangan, fostaíochta agus airgeadais as toghcháin? Mar a dheireann an dream óg “just look” ar na clabhstair atá tofa i gComhairlí Contae de bharr toghcháin. Tá bord iomlán dá leitheide uaidh Fianna Fáil?
    Seafóid agus cur amú am agus airgead.