Fáilte curtha ag grúpaí Gaeilge ó thuaidh roimh fhógra Foster go gcasfaidh sí le cainteoirí Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge, POBAL agus an Dream Dearg ag iarraidh casadh leis an iarChéad-Aire le cúrsaí Gaeilge ó thuaidh a phlé

Fáilte curtha ag grúpaí Gaeilge ó thuaidh roimh fhógra Foster go gcasfaidh sí le cainteoirí Gaeilge

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá “fáilte” curtha ag na grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge is mó a bhíonn ag feachtasaíocht ar son Acht Gaeilge roimh an bhfógra ó Arlene Foster, ceannaire an DUP, inné go bhfuil sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar “tuiscint níos fearr” ar an teanga agus an “cultúr” a bhaineann léi.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur mhaith leis an eagraíocht cabhrú leis an iarChéad-Aire teacht ar an “tuiscint” sin faoin teanga féin agus pobal a labhartha. Dúirt sé freisin gur mhaith leis an gConradh na moltaí atá curtha chun cinn ag an eagraíocht maidir le hAcht Teanga a phlé le Foster.

“Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil deis uathúil ann anois cosaint agus tacaíocht a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge agus do gach duine eile a bhfuil suim sa teanga acu,” a dúirt Comer.

Cheana féin, bhí sraith cruinnithe ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge le ceannairí na bpáirtithe eile ó thuaidh — Alliance, Sin Féin, SDLP, an Comhaontas Glas agus an PBP. Tá cruinniú iarrtha roimhe seo ag an gConradh le hionadaithe ón DUP.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta POBAL, go nglacfadh a heagraíocht le “croí mór” roimh chuireadh ó Arlene Foster bualadh leo.

“Bheadh daoine ann a déarfadh más mall is mithid, agus muid anois ag fanacht deich mbliana ar chomhlíonadh an achta, ach bhí POBAL i gcónaí sásta plé le gach duine faoin Ghaeilge. Fáiltíonn muid roimh an deis bualadh le hArlene Foster lena mhíniú di gurbh iad ár moltaí reachtaíochta, cearta-bhunaithe, is fearr chun tosú,” a dúirt Muller.

Dúirt sí go laghdódh a leithéid d’Acht “frustrachas” i measc lucht labhartha na Gaeilge agus go gcinnteodh sé seirbhísí dóibh. Mhaígh sí nach n-éireodh le hAcht “lag” a bheadh bunaithe ar an seicteachas agus ar “dhearcadh caol-intinneach”. Tá cruinniú lorgtha ag POBAL le ceannaire an DUP cheana féin freisin.

Is grúpa feachtais é an Dream Dearg a tháinig chun cinn le cúpla mí anuas agus an Ghaeilge ina cnámh spairne i bpolaitíocht an Tuaiscirt ó bhí an Nollaig ann. Maíonn an grúpa go bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla creidimh agus polaitíochta ina measc agus gur cineál scáthghrúpa thar ceann phobal na Gaeilge ó thuaidh atá iontu.

Tá fáilte curtha ag ceannairí na heagraíochta sin roimh an bhfógra ó Arlene Foster freisin agus dúirt go mbeadh ionadaithe ón ngrúpa sásta “cruinnithe le cainteoirí Gaeilge ar fud an Tuaiscirt a éascú” do cheannaire an DUP. Is iomaí mórshiúl, agóid agus feachtas eile atá curtha ar siúl ag an Dream Dearg faoi cheisteanna éagsúla teanga ó d’fhógair an t-iarAire Pobal Paul Givan go raibh deireadh á chur aige leis an sparánacht ‘Líofa’ aimsir na Nollag seo caite.

Dúirt Arlene Foster inné go bhfuil fonn ar an DUP “meas a léiriú ar an teanga” agus “tuiscint níos fearr a fháil ar an teanga agus ar chultúr nach bhfuilimid-ne [an DUP] mar chuid de”.

“Chuige sin, as seo go ceann tamaill bhig, tá fúm a bheith ag plé agus ag éisteacht le daoine a thagann ó chúlra Gaeilge, daoine nach bhfuil lorg pholaitíocht aon pháirtí orthu ach a bhfuil grá dáiríre acu don teanga agus nach n-úsáideann í mar uirlis pholaitiúil chogaíochta,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh sí ag “súil go mór” le bheith ag plé le lucht na Gaeilge. Dúirt ceannaire an DUP go n-aithníonn an páirtí gur ann do dhaoine a bhfuil “grá” acu don Ghaeilge, atá ag iarraidh í a labhairt agus a bhfuil tacaíocht uathu leis an méid sin a dhéanamh. Chaithfí, áfach, meas a léiriú chomh maith ar an Ultais agus ar an “bhféiniúlacht Oráiste agus Bhriotanach”.

“Mar sin ní bhaineann an scéal seo le dream amháin nó dream eile, ach le cóimheas a chothú do chách,” a dúirt sí.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart. Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge. “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt ceannaire an DUP an mhí seo caite go raibh aithreachas anois uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

D’fhág an chonspóid faoi ráiteas Foster go raibh ceist na Gaeilge agus an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh. Tá ceist na teanga lárnach chomh maith faoi láthair sna cainteanna atá ar bun ó thuaidh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.