‘Fáilte’ ag CnaG roimh chomhairliúchán faoi Acht ach ní leor ‘maorlathas gan gníomh’

Próiseas comhairliúcháin poiblí faoi Acht Teanga a dhréachtadh do Thuaisceart Éireann le seoladh i Stormont maidin inniu

8/5/2007. Northern Ireland Assembly

Tá “fáilte mhór” curtha ag Conradh na Gaeilge roimh sheoladh an phróisis chomhairliúcháin faoi Acht Teanga do Thuaisceart Éireann, ach tá foláireamh tugtha ag an eagraíocht nach leor a thuilleadh “briathar gan beart”.

I ráiteas a d’eisigh an Conradh faoin bpróiseas comhairliúcháin poiblí atá le seoladh i Stormont maidin inniu, dúradh gur léiríodh tacaíocht mhór d’Acht Teanga faoi dhó cheana ach “nach raibh ann sa deireadh ach maorlathas gan gníomh”.

“Tuigeann Conradh na Gaeilge, áfach, nach leor briathar gan beart a thaispeáint sa phróiseas seo agus tá baill den phobal buartha go leanfaidh an comhairliúchán seo na cinn a tháinig roimhe i 2006 and i 2007. Cé gur léiríodh tacaíocht mhór don Acht sa dá chás sin, ní raibh ann sa deireadh ach maorlathas gan gníomh. An uair seo, ba mhaith le mórphobal na Gaeilge feidhm phraiticiúil a fheiceáil ón phróiseas seo,” a dúradh sa ráiteas.

D’iarr Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, ar phobal na Gaeilge “ról gníomhach a ghlacadh” sa phróiseas comhairliúcháin.

“Ag amharc ar an chomhairliúchán a rinneadh ar cheist an Achta in 2006, léiríodh go raibh 93% de na freagraí ar a shon, agus in 2007 bhí breis agus 11,000 freagra ar an chomhairliúchán, a raibh tromlach acu i bhfabhar Acht Gaeilge. Thaispeáin pobal na teanga, breis agus 5,000 duine, ag an Lá Dearg i mBéal Feirste anuraidh, go bhfuil éileamh agus gá ann do reachtaíocht teanga, mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn naoi mbliana ó shin,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta an Chonartha ó thuaidh, gur chuir an eagraíocht fáilte roimh an phróiseas ach gurb é “an tAcht féin an sprioc go fóill”.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh sé tráthúil go raibh tús á chur leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi Acht Teanga ag an am céanna go raibh fáil ar thorthaí na pobalbhreithe náisiúnta a reáchtáil Conradh na Gaeilge agus Millward Brown ag tús na bliana seo.

Dúirt sé gur léirigh torthaí na pobalbhreithe “tacaíocht agus éileamh an-ard ar son na Gaeilge, ar fud an oileáin”.

“Sílim go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fás, agus go bhfuil an tsuim thrasphobail ag fás fosta. Ba mhian linn iarraidh ar gach duine, a bhfuil spéis sa teanga acu, aird a dhíriú ar an chomhairliúchán seo agus bheith rannpháirteach sa phróiseas. Ar an dóigh sin, is féidir leis an dréachtbhille bheith iomlán ionadaíoch ar an teanga agus ar phobal a labhartha,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Fág freagra ar '‘Fáilte’ ag CnaG roimh chomhairliúchán faoi Acht ach ní leor ‘maorlathas gan gníomh’'