Fáilte ag an DUP roimh theacht an Oireachtais go Béal Feirste, ach doicheall roimh pholasaí Gaeilge

Agus dréachtpolasaí Gaeilge faofa ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, tá fáilte curtha ag comhairleoir cathrach de chuid an DUP roimh an bhféile mhór Ghaeilge a bheidh ag teacht go Béal Feirste ag deireadh na míosa

Fáilte ag an DUP roimh theacht an Oireachtais go Béal Feirste, ach doicheall roimh pholasaí Gaeilge

Tá fáilte á cur ag an DUP roimh theacht Oireachtas na Samhna go Béal Feirste ag deireadh na míosa seo mar gheall ar an “mbuntáiste” a bhaineann leis an bhféile don chathair.  

Agus í faoi agallamh ag an stáisiún raidió Cool FM, dúirt an Comhairleoir Sarah Bunting ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, nach raibh “fadhb ar bith” ag an DUP le daoine a bheith ag labhairt i nGaeilge agus go n-aithníonn an páirtí an buntáiste mór a bheidh ann don chathair nuair a thiocfaidh an tOireachtas ar an 29 Deireadh Fómhair agus an Fhleadh Cheoil an fómhar seo chugainn.  

“Níl an DUP in aghaidh na Gaeilge agus tá sé sin thar a bheith soiléir do dhuine ar bith a amharcfaidh ar na himeachtaí atá ag teacht aníos i mBéal Feirste i mbliana agus an bhliain seo chugainn.  

“Tá ócáid mhór mhillteach Ghaeilge á hóstáil i mBéal Feirste an mhí seo agus an bhliain seo chugainn beidh an Fhleadh Cheoil ag teacht. Táimid ag tacú leo sin mar feictear dúinn gur buntáistí iad don chathair,” a dúirt Bunting.  

Bhí an comhairleoir cathrach á ceistiú faoi sheasamh a páirtí in aghaidh an pholasaí Gaeilge a faomhadh i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste an tseachtain seo caite 

Chuir an páirtí Aontachtach in aghaidh an pholasaí mar deir siad nach raibh an costas a bhainfeadh leis oibrithe amach go fóill agus go raibh imní ar oibrithe de chuid na comhairle go gcuirfeadh an Ghaeilge scríofa ar a n-éide oibre i mbaol iad.  

“Ní amharcann muid air [an caiteachas] seo mar bhuntáiste don chathair, ní buntáiste é seo dár n-íocóirí rátaí. Seo [teanga] a bhfuil fíorbheagán daoine sa chathair ábalta í a labhairt ná a thuiscint.  

“Tuigim an fonn atá ar dhaoine é sin a mhéadú agus aitheantas a fháil di ach níl a fhios againn cé na costais a bhainfidh leis [cur i bhfeidhm an pholasaí] agus beidh tionchar aige ar gach íocóir rátaí sa chathair,” a dúirt Bunting.  

Dúirt sí nach bhfuil aon fhadhb ag an DUP le cainteoirí Gaeilge agus go bhfuil cainteoirí Gaeilge i measc bhaill chláraithe an pháirtí.  

“Tá duine inár ngrúpa ar cainteoir Gaeilge é, tá baill den pháirtí ann ar cainteoirí Gaeilge iad. Ní rud frithGhaeilge é, is faoin gcostas agus faoi shábháilteacht ár bhfoirne agus faoi sin amháin atá sé,” a dúirt sí.  

Dúirt Bunting go bhfuil áiteanna ann i mBéal Feirste a mbeadh eagla ar oibrithe de chuid na Comhairle Cathrach dul ann dá mba rud é go raibh an Ghaeilge le feiceáil ar a n-éide oibre agus go gcaitear glacadh leis sin gur mar sin atá cúrsaí i mBéal Feirste.  

“Tá imní orainn faoin bhfoireann, agus tá a n-imní féin léirithe ag an bhfoireann faoina sábháilteacht maidir le dul isteach go ceantair nach bhfuil fáilte roimh an nGaeilge. Sin rud atá laistigh dár bpobal agus sin a bhfuil faoi, tá áiteanna ann nach gcuirfear fáilte roimh an nGaeilge [ar éide oibre] agus tá an imní sin ar ár bhfoireann,” a dúirt Bunting.  

Mhaígh sí gur éirigh le hoibrithe na comhairle cathrach a bheith ag obair as lámha a chéile le linn na dTrioblóidí, beag beann ar an bpolaitíocht, ach go raibh an pholaitíocht “á brú” orthu anois de bharr an pholasaí nua Gaeilge.  

Fág freagra ar 'Fáilte ag an DUP roimh theacht an Oireachtais go Béal Feirste, ach doicheall roimh pholasaí Gaeilge'

  • Pádraig

    Níl an doras ar leathadh ach b’fhéidir go bhfuil sé ar leathoscailt? Brúimís romhainn isteach é ach gan a bheith grod!